Ó DHÚCHAS… ‘mar a fuair an Clochán Liath a ainm’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS… ‘mar a fuair an Clochán Liath a ainm’

Sa tsean-am ní raibh droichead ar bith trasna ar abhainn na gCnoc. Ba ghnách leis na daoine ghabháil trasna ar na carraigeacha cúpla slat os cionn na háite a bhfuil an droichead anois. Bhí caonach liath ag fás ar na carraigeacha seo. Bhí ceárta, síbín agus cúpla teach ósta ann. Baisteadh an Clochán Liath ar an bhaile bheag.

Dungloe atá air i mBéarla ach seo mar a tháinig an t-ainm.

Bhí deartháir d’Ó Domhnaill as Dún na nGall ina chónaí cóngarach d’Ailt an Chorráin,  ‘An Dálach’  a bheirtí air. Bhí caisleán nó dún aige san áit sin, agus bhí bábhún buailteachais suas i Leitir Mhic a’ Bhaird ar an Chlochbhuaile. D’imigh an Dálach é fhéin agus a chuid fear suas lá amháin le seal seilge a dhéanamh ann. Níor fhág sé ina dhiaidh sa dún ach a bhean agus cúpla buachaill fásta.

Caidé a bhí ach taoiseach eile i Machaire Rabhartaigh agus ní raibh an bheirt ar na hóí lena chéile. Nuair a chuala an Rabhartach go raibh an Dálach as baile, chruinnigh sé trí lán báid dá chuid fear agus anoir ar bharr toinne leo an méid a bhí ina gcorp. Bhí sé ag brath an bhean d’fhuadach agus an dún a dhó. Tháinig siad i dtír ar an Chéideadh agus chuir triúr spíodóirí go dtí an dún le fios a fháil go raibh an Dálach ar ais.

Ach níor tháinig siad thar farraige nó i dtír i ngan fhios, chonacthas iad ón dún. Nuair a chuala an bhean an scéal, thosaigh sí ag smaoineamh caidé a dhéanfadh sí. Thug sí ordú don mhórsheisear searbhóntaí a bhí aici solas a chur i ngach aon fhuinneog agus an méid tormán is callán is gleo a thiocfadh leo a dhéanamh. Rinne siad sin. Nuair a tháinig na spíodóirí fá cheathrú míle don dún chonaic siad na soilse agus chuala siad an gleo. Chuaigh siad ar ais ’un na Céideadh agus d’inis don Rabhartach go raibh an Dálach is a cuid fear sa bhaile. Níor luaithe a chuala an Rabhartach seo ná d’ordaigh sé a chabhlach chun farraige agus ar shiúl leo chomh tiubh géar agus a tháinig leo ‘un na bhaile. Ba é clisteacht na mná agus an gleo a shábháil an dún. Ón lá sin amach tugadh Dún an Ghleo mar ainm air.

I ndiaidh tamall blianta tháinig daoine a chónaí fá na gleanntáin seo idir barr sléibhe agus Machaire Méilte. Ba iad sin ár sinsir ar chuir na Gaill ruaig orthu as na tailte maithe thart fá Dhoire agus Leitir Ceanainn i ndiaidh theitheadh na nIarlaí. Ba ag Dún an Dálaigh, sin dún an ghleo, a bíodh an t-aonach go dtí seo ach bhí cumhacht na nGall ag dul i laige agus líon phobal na Rosann ag dul i méid. Chonacthas do na daoine go raibh an Clochán Liath níba mhó i lár báire, agus ar an ábhar sin athraíodh an t-aonach aníos anseo. Ba é Dungloe an t-ainm a bhíodh ag na ceannaitheoirí Gallda air, agus lean an t-ainm sin an t-aonach, sin mar a tháinig Dungloe a bheith ina ainm Béarla ar an bhaile beag in áit Cloghanlee.

Faisnéiseoir: Seán Ó Ceallaigh,
Dúcharraig,
Co Dhún na nGall

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS… ‘mar a fuair an Clochán Liath a ainm’'

  • leitheoir

    Gaeilge!