Ó DHÚCHAS: Mallacht na hEaglaise ar phátrún Mhainchin i gCiarraí

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An 15 Lúnasa ag pátrún Naomh Mainchin bhíodh bruíon is achrann...

Ó DHÚCHAS: Mallacht na hEaglaise ar phátrún Mhainchin i gCiarraí

Sa tsean-aimsir ní i gCnoc na gCaiseal ná i nBrosna a bhíodh an séipéal ach i gCill Mainchin ag droichead na Féile san áit ina bhfuil an teampall gallda anois.

Deartháir do Naomh Bréannán dob ea an Mainchin seo. Deireann daoine áirithe gur naomh ab ea é, agus deireann daoine eile ná raibh ann ach sagart nó manach. Níl a ainm i measc naoimh na hÉireann. Chuir sé fé agus thóg sé cill dó féin ar bhruach na Féile agus mhúin sé an fíorchreideamh do na págánaigh a chónaigh sa dúthaigh sin – sliocht Chiair. Deirtear leis gurbh í Cill Mainchin an chéad chill a cuireadh ar bun in Oirthear Chiarraí.

Bhíodh an-lá gach bliain i gCnoc na gCaiseal ar an 15 Lúnasa. An-lá ar fad ag muintir Chnoc na gCaiseal ab ea é. Sa tseanaimsir ní i gCnoc na gCaiseal a tionóladh an pátrún so ach i dTúirín a’ Choic – baile talún leathshlí idir Cnoc na gCaiseal is Brosna. Léití Aifreann amuigh fén spéir ar bharr an chnoic sin in onóir do Naomh Mainchin an lá úd.

Thagadh an dá phobal (ó Chnoc na gCaiseal is Brosna) agus b’iontach an seó daoine a bhailíodh ann. Tar éis an Aifrinn bhíodh gach saghas cleasa lúith, spórt is caitheamh aimsire ar siúl i rith an lae. Bhíodh rince is amhráin ann. Bhíodh botha ann ina ndíoltaí gach uile saghas rudaí, bia is deoch. Bhíodh an poitín go flúirseach is go saor an uair sin, agus is minic a d’éiríodh eatarthu. Ní fada go mbíodh na meisceoirí ag bruíon is ag achrann lena chéile – á mbualadh leis na bataí draighin agus an fhuil ag dortadh.

Le himeacht na haimsire ní chun onóir a thabhairt do Naomh Mainchin ná Aifreann d’éisteacht, ná chun spóirt is caitheamh aimsire ná chun braoinín d’ól, a thagadh chuid mhaith de mhuintir an dá pharóiste ach chun troda agus díoltais. Míosa roimh lá an phátrúin bhíodh na bruíontóirí ag ullmhú, ag fáil bataí draighin is uirlisí níos measa – agus ag iarraidh ar a gcairde is a ndaoine muinteartha teacht chun an phátrúin leo.

Ba mhór an scannal an droch-obair a deintí ag an bpátrún san ar Thúirín a’ Choic an lá beannaithe úd, an 15ú lá Lúnasa, agus nuair a bhí na sagairt ciaptha, cráite agus tuirseach ó bheith ag tabhairt comhairle a leasa don dá phobal, b’éigean d’Easpag Chiarraí mallacht na hEaglaise do chur ar phátrún Thúirín a’ Choic.

As san amach éinne a thagadh chun an phátrúin nó éinne a bhíodh aon bhaint aige leis, chuirfí fé choinnealbhá é. B’in deireadh leis an bpátrún ar Thúirín a’ Choic i bparóiste Chnoc na gCaiseal a cuireadh ar bun i gcuimhne an naoimh a mhúin an soiscéal do mhuintir Chiarraí thoir.

Micheál Ó hEartnáin, oide scoile, An Tuairín Mór, Cnoc na gCaiseal, Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Mallacht na hEaglaise ar phátrún Mhainchin i gCiarraí'