Ó DHÚCHAS: Má tá a thóin leis an tine ag an gcat tá sioc air

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo bíonn a fhios ag daoine leis an aimsir a léamh ón spéir

Ó DHÚCHAS: Má tá a thóin leis an tine ag an gcat tá sioc air

Is iomaí caoi a mbíonn a fhios ag na daoine faoi dhrochaimsir agus faoi aimsir bhreá. Bíonn a fhios acu ón spéir é. Nuair a bhíonns an droim ronnaigh ins an spéir bíonn báisteach air, agus dhá mbeadh aimsir bhreá air bheadh an spéir an-chrochta.

Nuair a bhíonn báisteach air bíonn an ghrian báite isteach san spéir agus nuair a bhíonns ceo ar an ngréin ceo triomachta a thugtar air. Tar éis a dó dhéag nó mar sin a thagann an ceo sin uirthi agus má bhíonn an ghrian an-dearg tráthnóna agus an spéir dearg thart timpeall uirthi bíonn aimsir bhreá air. Nuair a bhíonn stoirm air bíonn néalta móra bána ag rith ar fud na spéire.
Ní iarrann an mairnéalach gealach Shathairn a theacht san bhFómhar ach chaon seachtú bliain. Ní minic a thagann gealach Shathairn le haimsir bhreá.

Nuair a bhíonn fáinne bán tart timpeall ar an ngealach bíonn báisteach air. Nuair a bhíonn an fear ar chúl a chinn ins an ngealach bíonn stoirm air.

Sí an ghaoth anoir aduaidh is mó a bheireann aimsir bhreá chugainn ach beireann an ghaoth aduaidh sioc agus sneachta chugainn ins an nGeimhreadh.

‘Sé an chaoi a mbíonn fhios acu nuair a bhíonn sioc air, bíonn go leor réaltaí ar an spéir agus iad lasta agus an ghaoth go láidir aduaidh. Bíonn sioc air freisin nuair a bhíonn na géanna fiáine ag imeacht sa spéir ag scréachaíl agus ag tabhairt a n-aghaidhe ar na sléibhte.

Nuair a imíonn na madraí uisce as na lochanna agus as na srutháin agus nuair a thugann siad a n-agaidh ar an bhfarraige bíonn sioc mór le teacht.

Oíche chiúin agus na néalta ag lonrú go deas bíonn sioc air. Nuair a bhíonn na réaltóga ag titim bíonn gaoth aduaidh air. Bíonn na scamaill ann le gaoth agus le báisteach, scaití bíonn an bogha ceatha ann le haimsir dhona. Nuair a bhíos an ghealach leathbháite bíonn drochaimsir air. Gaoth aduaidh, sioc, gaoth aneas, báisteach, agus má bhíonn an ghaoth ag athrú go minic ní bhíonn an aimsir socraithe.

Gaoth anoir aneas an ghaoth is mó a bhéarfas báisteach chugainn. Nuair a bhíonn na héanlaith ag eiteall go hard bíonn aimsir bhreá air agus nuair a bhíonn siad ag eiteall isteach ón bhfarraige aimsir bhreá. Dhá mbeadh na cearca á bpiocadh féin bheadh báisteach air agus freisin dhá mbeadh na druideacha ag teacht in aice an tí bheadh sneachta air.

An cat in aice na tine – báisteach. Má bhíonn an cat ag scríobadh an dorais taobh istigh gaoth aduaidh a bhéas againn agus má bhíonn sé ag scríobadh an dorais taobh amuigh gaoth aneas a bhéas air, agus má bhíonn a thóin leis an tine aige, beidh sioc air. Nuair a bhíonn an madra ag ithe féir beidh sioc ann. Na caoirigh ag teacht le chéile ar an sliabh comhartha aimsir bhreá, deirtear.

Maighréad Ní Chualáin a fuair an seanchas seo óna hathair Colm (60) i mBaile na hAbhann i gConamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Má tá a thóin leis an tine ag an gcat tá sioc air'