Ó DHÚCHAS: Má bhuaileann an sagart an tríú huair mé buailfead an fuacht dó

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Agus an Carghas ina thús is mairg a bheadh gan misneach sa trócaire...

Ó DHÚCHAS: Má bhuaileann an sagart an tríú huair mé buailfead an fuacht dó

An chéad uair riamh ar tháinig an aicíd ar na prátaí anseo níor chuir na daoine aon tábhacht ann. Ach do bhaineadar na prátaí, chuireadar ins na poill iad fé mar a dheinidís riamh. Nuair a thángadar chun iad do thógaint as na poill ’na dhiaidh san is amhlaidh a bhíodar go léir lofa, fuair mórán daoine bás den ocras. Ar mhanam ná raibh aon chístí aráin ag imeacht an uair sin. Théadh muintir an bhaile seo sall go hUíbh Ráthach an uair sin ag triall ar iascáin chun iad a chur amach mar leasú ar na prátaí.

Lá áirithe bhí bád an bhaile seo thall, bhí duine des na fearaibh inti ar a dtugtaí Domhnall Bán, mar bhí ceann bán air. Ní théadh lagadh air ach ag eascaine, ní raibh sé ag faoistin le deich mbliana roimhe sin. Agus iad ag teacht abhaile leis na hiascáin agus an bád go slat le hualach acu nár éirigh stoirm uafásach, chromadar ar na hiascáin a thaoscadh i bhfarraige. Ach obair an-mhall ambaiste na hiascáin a chaitheamh i bhfarraige, dá mhéid mar a dheineadar a ndícheall, bhíodar i mbaol a mbáite amuigh i lár bá.

Cheap Domhnall bocht gur mar gheall air féin a tháinig an stoirm, thug sé na mionna is na móide dá dtiocfaidís saor ná scaoilfeadh sé aon lá eile thairis gan dun chun faoistine. Sea thángadar saor pé scéal é, agus lá arna mhárach bhí an Satharn ann, seo le Domhnall Bán an Daingean.

“Ach gur thugas na móide!” ar seisean. “Tá’s agam nach saor a thiocfad as, mar ná bhfuil aon pheaca dár deineadh riamh ná bhfuil déanta agam. Sea ach amháin na trí pheacaí – dúnmharú toiliúil, éigean mná óige, is ní cuimhin liom an ceann eile. Is baolach go mbuailfidh an sagart mé. Má bhuaileann sé aon uair amháin mé, fulaingeod leis agus má bhuaileann sé an darna huair mé, fulaingeod leis ach mo chroí ón diabhal má bhuaileann sé an tríú huair mé go mbuailfead an fuacht dó.”

Chuaigh sé an Daingean ach go háirithe agus suas go dtí an sáipéal leis agus fuarallas amach tríd le critheagla. Do chuaigh sé i dtreo an tsagairt agus má bhí ionadh ar aoinne riamh bhí sé ar Dhomhnall Bán bocht ar theacht amach dó.

“Ara a dhuine,” ar seisean. “Ba dhóigh leat ar an sagart gur mé Dia beag aige.”

Agus dúirt an sagart go raibh anam Dhomhnaill Bháin chomh gléigeal geal is a bhí sé lá a bhaiste.

– Pádraig Ó Súilleabháin (78), Cinn Aird, Corca Dhuibhne

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Má bhuaileann an sagart an tríú huair mé buailfead an fuacht dó'