Bíonn laethanta áirithe ag na daoine chun tosú ar obair. Cuir i gcás go raibh na daoine ag dul ag cur fhataí d’fhanaidís go dtí an Aoine mar deirtear go mbíodh an t-ádh ag baint leis. Níor mhaith leo tosú Dé Luain mar má dhéanann tú drochobair Dé Luain déanfaidh tú drochobair ar feadh na seachtaine agus mar sin de. Saghas pisreoga iad sin a bhíonn ag na daoine ach ní chleachtann cuid de na daoine iad mar níl aon mhaith a bheith ag géilleadh dóibh.
Tosaíonn cuid eile de na daoine ag tógáil tithe Dé Máirt agus bíonn siad chomh hádhúil leis na daoine a thosaíonn Dé hAoine. Rud eile, níor mhaith leo troscán a aistriú isteach i dteach nua le faitíos nach mbeadh an t-ádh ar an teach. Tagann ‘Lá Crosta na Bliana’ ar an Aoine agus corruair eile ar an gCéadaoin. Ní maith leis na daoine bainne a chur amach an lá sin, ná airgead ach an oiread, le faitíos nach mbeadh an t-ádh orthu.
Coinníonn cuid de na daoine cuid de na fataí síl go dtí Aoine an Chéasta agus ansin cuireann siad iad agus fásann siad an-luath agus bíonn siad an-mhaith le n-ithe. Bíonn ‘Laethanta na Bó Riabhaí’ ann an chéad trí lá i dtús an Aibreáin. Bíonn ‘Fómhar na nGéanna’ ann i dtús an Mhárta agus itheann na daoine a lán géanna an lá sin. Bíonn ‘Rabhartaí Geala na Cásca’ ann faoi Cháisc agus bíonn na daoine ag iascach an lá sin, agus ag baint fheamainne.
Bailitheoir: Nóra Nic an Iomaire (14) Coillín, Conamara, a bhí i Scoil an Chlochair i gCarna.
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Lá Crosta na Bliana'