Ó DHÚCHAS: Is mór an trua fear séimh ag bean bhorb…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo léirítear nach gean le mac Dé féin an sprionlóir…

Ó DHÚCHAS: Is mór an trua fear séimh ag bean bhorb…

Bhí an Mhaighdean Muire agus a mac ag siúl an bhóthair lá ag dul go dtí baile mór a bhí tamall maith uathu. Garsún óg dob ea an mac – timpeall dhá bhliain déag d’aois. Bhí an oíche ag titim agus arsa an Mhaighdean Mhuire lena mac: ‘Tá sé chomh maith againn lóistín do lorg sa chéad tigh a bhuailfidh linn.’ ‘Pé ní is maith leat,’ arsa a mac.

Is gearr gur bhuail tigh feirmeora leo agus chuadar féna dhéin. Chuadar isteach. Ni raibh éinne rompu ach bean an tí. Do lorg an Mhaighdean lóistín. D’fhreagair bean an tí go támáilte agus go doicheallach agus dúirt sí ná bhfaighidís mar ná raibh aon áit acu dóibh. Do chasadar ar a sáil agus thugadar aghaidh ar thigh eile.

Ní fada ón dtigh a bhíodar nuair a casadh fear an tí orthu. Do bheannaigh sé dóibh agus dúirt: “Nach déanach atá sibh amuigh?” “Táimid,” arsa an Mhaighdean “mar ní bhfuaireamar aon lóistín.” “Téanaigí oraibh liomsa,” arsa an fear “agus tabharfadsa lóistín daoibh.” Do chasadar thar n-ais ar an dtigh agus ní ró-mhaith an chuma a bhí ar bhean an tí nuair a chonaic sí chuici arís iad. Ach do chuir fear an tí cois na tine iad agus thug sé greim le n-ithe dóibh.

Tar éis tamaill bhí an garsún ag titim dá chodladh cois na tine. Dúirt fear an tí lena mhnaoi leaba do dhéanamh suas dóibh. D’fhreagair an bean é go támáilte agus dúirt sí ná raibh aon áit chun iad do chur mura gcodlóidís sa tolg a bhí ar thaobh an tí. D’éirigh an fear agus réitigh sé leaba sa tolg dóibh.

Nuair a bhí gach duine imithe a chodladh do labhair an mháthair lena mac. ‘Is mór an trua a leithéid d’fhear maith a bheith ag a leithéid sin do mhnaoi.’ D’fhreagair an mac í – ‘Níl aon leigheas air sin ach é do thógaint uaithi.’

Lena linn sin bhuail an phian agus an tinneas an fear.

Tháinig uafás ar bhean an tí nuair a chonaic sí a fear chomh holc. D’éirigh sí agus ghlaoigh sí ar an Maighdean Mhuire féachaint arbh fhéidir aon ní do dhéanamh dó. D’iarr an Mhaighdean ar a mac rilíf a dhéanamh ar an bhfear. ‘Déan féin é, a mháthair,’ arsa an mac. ‘Buail do lámh lena chliathán.’

Bheir an Mhaighdean ar láimh a mic agus bhuail le cliathán an fhir é agus lena linn sin bhí sé leigheasta. Sin é an uair a bhí fhios ag bean an tí cé a bhí ann nuair a dúirt an Mhaighdean Mhuire: ‘Is mór an trua fear séimh ag bean bhorb. Agus Mac Dé ina luí sa tolg.’

Cáit NÍ Dhuinnléi (48) An Charraig, Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is mór an trua fear séimh ag bean bhorb…'

  • Seosaimhin Ni Bheaglaoich

    Cherchez la femme.