Ó Dhúchas… Is gifte ó Chríost í don té a bhfuil sí i ndán dó…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo, leagan de ‘Frainc Conaola’, amhrán grá fíorspéisiúil atá coitianta i gCois Fharraige, atá againn as Bailiúchán na Scol inniu Lá Vailintín

Ó Dhúchas… Is gifte ó Chríost í don té a bhfuil sí i ndán dó…

Leagan de ‘Frainc Conaola’, amhrán grá fíorspéisiúil atá coitianta i gCois Fharraige, atá againn as Bailiúchán na Scol inniu Lá Vailintín

Tráthnóinín deireanach Dé Luain is é a’ báisteach
Casadh tigh Sheáin mé is shuigh mé síos
Dhearc mé an ainnir ins sa gclúid taobh thall dhíom
Ba deise gáire agus leagan súl
Grua ba deirge ná an chaor chaorthainn
Ba gile mín í ná an eala ar snámh
Ach nuair a lean mé an seanchas nó cé dár díobh í
Gur le Frainc Conghaolach an cailín bán
Do réir mo thuairim bhí sí tógtha
Agus fuair sí eolas ar leabhar is ar pheann
Bhí máistir acab sa teach i gcónaí
Agus neart den ór buí go fairsing ann
Nach é an trua an spéirbhean bheith ar thamhnach sléibhe
I leaba bheith gléasta le síoda bán
Nuair a scairteann an ghrian ar a brollach gléigeal
Go bhfaigheann na céadta fear bás le grá.
Dhá mbeifeá dhá chéad uair agam
Agus mé bheith gan pósadh
Agus bheith go hóg leat, a Nóra Bhán
Threabhfainn cnoic agus ghreadfainn bóithre
Agus bheinn i gcóiste leat, a Nóra Bhán.

Tá mac rí Shéamuis a’ teacht dá héileamh
Agus Prince o’ Wales as an nGearmáin
Tá flít ar farraige is tá soithígh ’seoladh
Is tá an t-ádh go deo ar mo Nóra Bhán
Ach tharla ag imeacht thú ar choimrí Dé dhuit
Is go dtuga Dia slán thú thar muir gan bá
Is pé brí fear óg a bhfuil do phóg i ndán dó
Ní baolach bás dó ná galra dubh.

Éist’í liomsa go n-inseoidh mé scéal daoibh
Ar ógmhnaoi in Éirinn de réir teastas m’eolais
Shiúlfadh sí an bóthar mar a shiúlfadh an drúcht
Agus chasfadh sí gleoite le fuaim neart a méara
Is breátha í ná Dído crann soilse na Spáinne
Ná Bainríon de Maidhró cé go mb’ard a cháil
Ná Fúró, Áróro, Diana is Véineas
Is na grásta go bhfaighimid murar sháraigh sí an méid sin
Is gifte ó Chríost í don té a bhfuil sí i ndán dó.
Ní míne giota síoda ná crobh a dhá láimh
Tá’n ghile is tá an fhinne bháin ‘taithneamh dá chéile
Is tá do rósbhhéilín meala ‘cur smais ar an méid sin.

– Pádraic Ó Ceannabháin (55), fíodóir, An Cnoc, Conamara a cuir an t-amhrán seo ar fáil do Bhailiúchán na Scol

 

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas… Is gifte ó Chríost í don té a bhfuil sí i ndán dó…'