Do chuaigh spailpín ó Pharóiste na Cille ag spailpínteacht síos fén ndúthaigh fadó agus do bhíodh sé ag baint prátaí. Do bhíodh cúig phunt tuillte aige gach bliain.
Nuair a bhí sé ag filleadh abhaile bhuail sagart leis. Do bhí an sagart dhá cheistiú féachaint cérbh é agus cad as é.
“Is dócha,” arsa an sagart “ná fuil puinn paidreacha siar chun Duibhneach?”
“Níl mórán d’aon ní siar againn,” arsa an spailpín “ach tá beagán des na paidreacha againn ach go háirithe.”
Ansan chuir an sagart ceist air agus dúirt leis cad é an [t-]ainm bhí ar Mháthair Dé. “Muire Mháthair,” arsa an spailpín. “Tá san go maith,” arsa an sagart.
“Tá cúig phúint tuillte agam tar éis an fhómhair,” arsa an spailpín “agus cuirfead mar gheall leat iad ná réiteoir an cheist seo dhom.”
“Cuirfeadsa cúig phúint leis leatsa,” arsa an sagart “go réiteod mar níl aon cheist a chuirfeá orm ná go réiteoinn duit í.”
“Cad é an ainm atá ar mháthair mo chéile thiar i nDuibhneach?” arsa an spailpín.
“Ara cá bhfios domsa cén ainm atá ar mháthair do chéile, bean ná feaca riamh.”
Gháir an spailpín agus d’fhreagair sé “Nach maith a bhí fhios agamsa cén ainm bhí ar Mháthair Dé agus ní fheaca riamh í.”
Do bhuaigh sé an geall ar an sagart agus do bhí deich bpúint ag teacht abhaile aige go dtína mhuintir, rud a theastaigh go dóite uathu.
Eibhlín Ní Mhaeleoin as an gClochán Dubh i gCorca Dhuibhne a fuair an scéilín seo óna hathair Pádruig (52).
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is dócha ná fuil puinn paidreacha siar chun Duibhneach?'