Ó DHÚCHAS: Is díol trua an t-athair a chuireann olc ar a mhac

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo is minic a tharraing talamh achrann…

Ó DHÚCHAS: Is díol trua an t-athair a chuireann olc ar a mhac

Bhí athair agus mac ann fadó agus bhíodh siad ag troid gach lá in aghaidh a chéile go minic. Lá amháin shocraigh an mac ar a athair a bhá mar dúirt an t-athair leis an mac nach dtabharfadh sé a fheilm dhó go ndíolfadh sé í. 

Sular fhéad an t-athair é sin a dhéanamh dúirt an mac leis go ngabhfadh siad amach ag iascach agus bhí an t-athair sásta mar shíl sé gur mhaith leis an mac é sin. Chuadar amach ach sular fhág an mac an teach thug sé arán leis i ngan fhios don athair. Nuair a bhíodar scaitheamh maith amach thosaigh siad ag iascach agus ní rabhadar ag fáil aon iasc agus chuadar amach scaitheamh maith sa bhfarraige. Bhuail ocras an t-athair agus ní raibh sé in ann aon iomramh a dhéanamh. Bhí ocras chomh mór sin air go raibh sé go dona agus ní thabharfadh an mac aon phíosa den arán dhó agus fuair sé bás leis an ocras agus chaith an mac amach sa bhfarraige é. 

Tháinig an mac i dtír agus bhí sé sásta. Chuaigh an mac abhaile agus bhí sé ag ithe an cháca suas roimhe gur shroich sé an teach. Cúpla lá tar éis an t-athair a beith básaithe bhíodh sé ag teacht gach oíche sa teach agus d’imíodh sé arís ar a dó dhéag a chlog. 

Bhíodh faitíos ar an mac agus dúirt sé go ndéanfadh sé teach dó féin agus go mb’fhéidir nach mbeadh sé ag teacht ann. 

Ach tháinig an t-athair arís aige agus dúirt an mac: “nár thaga tú slán arís nuair fhéachas tú leis”.

Thosaigh an t-athair ag béiceach agus dúirt sé nach dtiocfadh sé go deo arís dá dtógfadhsé an eascaine sin dó agus dúirt an mac leis go ndéanfadh.

Micil Ó Meachair a thóg an seanchas seo ó Bheartla Ó Meachair, Inis Meáin, Contae na Gaillimhe, an 17 Deireadh Fómhair 1938  

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is díol trua an t-athair a chuireann olc ar a mhac'