Ó DHÚCHAS: Is beag anó nach bhfuil luibh nó leigheas ar fáil dó ar dúchas.ie 

Tá leigheas againn don chraiceann rocach féin - geir collaigh agus bainne bó bleachtáin a chuimilt don éadan agus beidh tú i do bhrín óg arís 

Ó DHÚCHAS: Is beag anó nach bhfuil luibh nó leigheas ar fáil dó ar dúchas.ie 

Tinneas Cinn: Gealacán uibhe a chur ar d’éadan. Cuir páipéar donn ar bogadh i bhfíon géar agus cas thart ar do chloigeann é. Bain caisearbhán, nigh go maith in uisce fuar é. Bruith in uisce é ar feadh dhá uair an chloig.  Síothlaigh sa síothlán é agus lig don sú fuarú. Cuir gráinne siúcra air agus ól é agus leigheasfaidh sé do thinneas cinn. Má bhíonn tinneas cinn ar ghasúr déan coróin de dhuilleoga eidhinn agus cuir anuas ar a chloigeann í. Cuir sóid aráin ar ghloine uisce agus ól é.  Leag do chloigeann ar ucht asail ar feadh ceathrú uaire agus beidh do chloigeann leigheasta.

Daitheacha: [Tinneas fiacla] Neantóga a fhiuchadh agus geir a mheascadh leo agus ceirín díobh a chur leis an bpian. Feamainn dhubh a chuimilt leis an bpian. Má tá poll sa bhfiacail cuir gráinne salainn nó piobair síos ann agus gheobhaidh tú faoiseamh. Frog a chur i do bhéal as a cheann isteach. Braon Jeyes fluid a chur ar an bhfiacail nó giall gráinneoige a chur ar an bhfiacail atá tinn.

Rua: [Gríos nó bruth ar an gcraiceann] Ar an bportach a fhásann an dearglaoch agus tá leigheas an rua ann. Deoch uisce fiuchta agus salann a ól. An té a bhfuil a leigheas aige/aici tabharfaidh siad cupán im gan salann ag an té a bhfuil an rua air an mhí chéanna ar tháinig an gríos air [an ghealach chéanna fós ar an spéir]. Sin nó caithfidh tú fanacht go bliain ón am sin, 13 gealach eile. Nuair a ghabhfas an ‘lia’ isteach sa teach caithfidh sé a ghnó a fhógairt agus gach duine a chur amach ach an té a bhfuil an rua air. 

Triuch: An fuílleach den bhainne a fhágann firéad ina dhiaidh a ól trí huaire. Bainne asail nó bainne caorach leigheas eile. Tornapaí a ghearradh agus a bhrú agus siúcra donn a cur orthu agus iad a ithe cúpla uair is imeoidh an triuch. A ghabháil trasna trí huaire faoi bholg an asail agus glanfaidh an triuch. Beir ar bhreac beo san abhainn, tabhair go dtí an gasúr tinn é agus tabhair trí bhraon uisce as a bhéal don ghasúr agus cuir an breac ar ais san abhainn san áit chéanna a bhfuair tú é. Cuir seilidí in uisce ar feadh uair an chloig. Croch ar chraobh ansin iad agus bailigh an t-uisce a bheidh ag sileadh uathu. Cuir siúcra donn leis agus tabhair don othar é. 

Craosghalar: Mil a chuimilt go maith le béal an linbh go dtí go mbeidh an fhuil dhearg amach tríd. Im a leá ar spúnóg in aice na tine agus é a chuimilt le béal an linbh. An gandal a thabhairt isteach agus é ina throscadh agus ligean dó a anáil a shéideadh siar i mbéal an linbh. Anáil fir nach bhfaca a athair riamh nó anáil linbh nach bhfaca a mháthair a shéideadh siar i mbéal an linbh trí huaire.

Leicneach: Téigh isteach i gcró na muc agus abair leis an muic istigh “A phigín na muc tóg an leicneach uaim”. Má abraíonn tú é sin trí huaire i ndiaidh a chéile beidh tú slán ar an aicíd. Tabhair an duine tinn go cumar trí n-uisce agus cuir srian asail air agus téadh sé trasna na n-aibhneacha trí huaire i ndiaidh a chéile agus imeoidh an leicneach ansin. Téigh go trí cinn de na bailte is mó in Éirinn ina bhfuil stáisiún ag a stadann an traein agus abair “Birds of the air, fishes of the sea and trains of the nation I pray you take the leicneach off me.” Cos deiridh coinín a chur leis an at. Lus na seicne a théamh ar an tine agus cupán siúcra, cupán bainne, agus gráinne salann a chur leis. Lig dó sin fiuchadh go mall agus nigh an áit atá ata gach oíche ar feadh seachtaine agus ní bheidh aon leicneach ort arís. 

Deilgneach: Neantóga a bhruith ar uisce agus gráinne siúcra agus bolgam rum tríd. Fíon a dhéanamh as bainne bó bleachtáin agus é a ól te. Olann chadáis a thumadh in ola olóige agus aigéad aicéiteach agus na goiríní a chuimilt leis agus an cadás a dhó ansin. Maolaíonn sé sin an tochas agus an phian.  Bláthanna agus fréamhacha na borógaí a bhailiú ar bhruach na habhann agus iad a lascadh le tuairgnín agus a fhiuchadh in uisce glan. Coinnigh buidéal di sa teach agus ól dhá spúnóg di roimh do bhéile ar maidin. Pórtar te agus bainne tríd deoch leighis eile. Sin nó gabh isteach trí huaire idir dhá chos deiridh an asail agus beidh an deilgneach glanta. 

Faithní: Uisce a bhíonn ina stad i bpoll cloiche, nó uisce chloch gan iarraidh a chuimilt do na faithní agus meathfaidh siad. Cuir ruainne feola san aoileach agus ná hinis d’aon duine nó go mbeidh na faithní leigheasta. Tá sú an chaisearbháin nó bainne clog molta freisin. Cuimil seilide gan sliogán den fhaithne agus croch an seilide ansin ar dhealg nó ar shreangán deilgneach.  Le mar a lobhfas an seilide, imeoidh an faithne. Ar fheiceáil gealach nua duit, cuimil an faithne d’aon rud atá faoi do chosa – créafóg, sneachta nó cloch. Is gearr go n-imeoidh sé. Déan 10 gcuid d’fhata, caith uait an deichiú píosa agus coinnigh na naoi bpíosa eile i mála. An chéad chorp a ghabhfas an bealach caith an mála leis agus abair “A chorpáin, a chorpáin, croch leat mo chuid faithní”. 

Crampaí: Do bhróga a iompú béal fúthu agus tú ag dul a chodladh.

Iompú nó tinneas goile: Biolar a ghearradh suas agus é a bhruith ar bhainne. Seilidí a bhruith agus an sú a ól. Bruith peirsil, sáiste nó síolta cearbhais agus ól an sú. Tá na síolta cearbhais molta le fuarú a fháil ó ghaoth sa mbolg.

Fliú: Cuir plástar mustaird ar pháipéar donn agus cuir leis an gcliabhrach é. Cacanna caorach a fhiuchadh agus an sú a ól. Caora nó sméara an troim a fhiuchadh ar uisce agus a ól. Rútaí neantóg a fhiuchadh in uisce agus é a ól. Athair thalún nó luibh na ndaitheacha a fhiuchadh agus an sú a ól agus an galar ina thús. Deoch de shú lus buí na Bealtaine a ól te. 

Slaghdán: Gearr oinniún i mbainne bruite agus ól é roimh a ghabháil a chodladh. Folc thú féin i dtobán uisce te agus mustaird. Gairleog a ithe.

Beidh a thuilleadh gaoise faoi chúrsaí leighis againn daoibh an tseachtain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Is beag anó nach bhfuil luibh nó leigheas ar fáil dó ar dúchas.ie '