Ó DHÚCHAS: Gheobhaidh tú Cromail ag imirt pingineacha taobh amuigh dhá theach tráthnóna…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo tá seanchas faoi Chromail againn as Cladhnach i gConamara…

Ó DHÚCHAS: Gheobhaidh tú Cromail ag imirt pingineacha taobh amuigh dhá theach tráthnóna…

Ba chaibléara bróg é Cromail i dtús a shaoil. Bhí sé ina chónaí i Sasana. Bhíodh fear ag dul thart ar fud na hÉireann ag inseacht scéalta do na daoine agus sé an t-ainm a bhí air ná an Bráthair Bán, fear an-naofa a bhí ann. Bhí feilméara i gContae an Chláir a raibh feilm mhór talún aige agus tháinig an Bráthair Bán go dtí é lá amháin.

Dúirt an Bráthair Bán leis go mb’fhéidir go dtiocfadh sé san saol fós go dtógfaí an talamh uaidh mhuintir na hÉireann. ‘Cén chaoi a dtógfaí an talamh nó cé a thógfadh é?’ a deir an feilméara. ‘Tógfaidh fear an talamh seo ó na feilméaraí agus sé an t-ainm atá air ná Cromail. I Sasana atá cónaí air,’ a dúirt an Bráthair. ‘Meas tú an dtógfadh sé mo chuid talúnsa?’ a deir an feilméara.

‘Tógfaidh sé gach talamh,’ a deir an Bráthair Bán. ‘Téirigh go Sasana,’ a deir sé leis an bhfeilméara ‘agus lig ort féin go dtáinig tú ag iarraidh do bhróg a dheasú mar is caibléara bróg é an fear seo Cromail’. Gheobhaidh tú é ag imirt pingineacha taobh amuigh dhá theach féin tráthnóna. Nuair a bheas bróg amháin deasaithe aige iarr air an bhróg eile a dheasú agus nuair a bheas siad réidh, iarr air páipéar saighneáilte a thabhairt dhuit.”

Ghlac an feilméara buíochas leis an mBráthair agus dúirt sé go ndéanfadh sé a chomhairle. D’imigh leis an bhfeilméara go Sasana agus bhí sé ag imeacht ariamh ariamh nó gur casadh Cromail dhó agus é ag imirt pingineacha taobh amuigh dhá theach féin. Bheannaíodar dá chéile agus tar éis tamaill comhrá a bheith eatarthu d’iarr an feilméara air a bhróg a dheasú.

Chuadar isteach ins an teach agus dheasaigh sé an bhróg dó. Nuair a bhí an bhróg réitithe aige thug an feilméara píosa óir dhó. ‘Tá an iomarca airgid ansin,’ a deir Cromail.

Ní raibh aon fhonn ar Chromail é a ghlacadh ach mar sin féin ghlac sé é.

D’imigh leis an bhfeilméara agus bhí sé ag siúl thart nó go dtí lá arna mhárach agus fuair sé Cromail san áit chéanna ag imirt pingineacha. Thit an rud céanna amach mar a tharla an lá roimhe sin. Chuir sé caoi ar an mbróig eile dhó agus thug an feilméara píosa eile óir dhó. Dúirt Cromail go raibh níos mó tugtha uaidh aige ná mar bhí déanta dó, ach go mb’fhéidir go ndéanfadh sé rud fónta dó amach anseo.

‘Aon rud amháin atá mé a iarraidh ort,’ a deir an feilméara. ‘Dá dtiocfadh sé san saol choíche go mbeifeá-sa ag tógáil na talún ó na feilméaraí móra, bheadh súil agam go bhfágfá in mo sheilbh féin mise.’

‘Cén chaoi a dtiocfadh sé san saol go mbeinnse ag baint tailte amach ar an gcuma sin?’ a deir Cromail. ‘Dá dtiocfadh sé san saol go mbeadh…’ arsa an feilméara.  ‘Ó, dá dtiocfadh,’ a deir Cromail ‘níl aon chall faitís dhuit.’

Thug Cromail páipéar saighneáilte ansin don fheilméara agus d’imigh sé leis abhaile.

Faoi cheann tamaill chuaigh Cromail san arm agus bhí sé ag ardú leis i bpostanna móra nó gur tháinig sé sa deireadh go raibh sé ag tógáil tailte ó mhuintir na hÉireann. Tháinig sé goirinn agus bhí sé ag tógáil na dtailte agus ag ruaigeadh na ndaoine thar sáile. Tháinig sé go dtí an feilméara agus dúirt sé leis go gcaithfeadh sé imeacht as an talamh.

‘Nach cuimhneach leat an socrú a rinneadh?’ a deir an feilméara. Níor chreid Cromail é ach thaispeáin an feilméara an lámhscríbhinn dhó agus b’in é an uair a thuig sé an scéal.

‘Cé a thug fios dhuitse go mbeadh mise ag baint tailte de mhuintir na hÉireann?’ a d’fhiafraigh Cromail.

‘Bhí fear ag dul thart ar fud na tíre ar a dtugaidís an Bráthair Bán air, agus sin é a d’inis an scéal domsa,’ a deir an feilméara.

D’imigh le Cromail go bhfuair sé amach an Bráthair Bán agus d’fhiafraigh sé de cén chaoi a raibh sé in ann a inseacht don fheilméara go mbeadh sé fhéin ag baint talamh de mhuintir na hÉireann agus deir sé: ‘má bhí tú in ann é sin a inseacht is dóigh go bhfuil tú in ann a inseacht cén t-achar a mhairfeas mise.” “An fhad is maith leat féin,’ a deir an Bráthair Bán.

Bhí Cromail ansin chomh háthasach is a bhí Sul fadó nuair a chuala sé an scéal seo.

Tharla ansin gur tháinig troid idir Cromail agus Rí na Spáinne. Dúirt Rí na Spáinne go dtabharfadh sé a iníon le pósadh dhó dá n-éireodh sé as an troid.

D’éirigh Cromail as an troid ansin.

Ní bhfuair sé ach spás bliana agus nuair a bheadh an bhliain istigh mura bpósfadh sé an iníon ní bhfaigheadh sé ar chor ar bith í.

An iníon ba shine a bhí an Rí sásta a thabhairt le pósadh dhó, mar ba chloigeann muice a bhí uirthi. Nuair a bhí an bhliain caite chuir an Rí litir ag Cromail ag fiafraí an raibh sé ag dul á pósadh. Bhí Cromail á bhearradh féin nuair a fuair sé an litir agus ní raibh ach leathleiceann bearrtha aige.

Dúirt sé leis féin ó ba í an iníon ba shine a bhí le fáil aige nach mbeadh aon bhaint aige le haoinne a raibh cloigeann muice uirthi. Bhí sé san litir freisin go raibh an iníon ba shine sách maith aige mar go mba chaibléara bróg a bhí ann.

Ghearr sé a scornach ach ina dhiaidh sin mhair sé an fhad is ba mhaith leis féin. Tháinig scéal an Bhráthar Bháin isteach fíor.

– Peadar Ó Briain (60), Cladhnach, An Cheathrú Rua, Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Gheobhaidh tú Cromail ag imirt pingineacha taobh amuigh dhá theach tráthnóna…'