Ó DHÚCHAS: Féile Naomh Peadar agus Pól in Uíbh Ráthach

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: Féile Naomh Peadar agus Pól in Uíbh Ráthach

Bhailíodh na daoine go mbíodh bád acu le chéile i Loch Cárthaí timpeall trí míle ó Chill Orglan agus bhíodh rás na mbád acu. Tá áit os comhair an Chromáin amach agus glaoitear An Inse air agus rachadh na daoine go dtí an áit seo mar bhíodh Pátrún ann. Is éard is Pátrún ná saghas aeraíocht ag a mbíodh na daoine idir óg agus aosta bailithe le chéile chun amhránaíocht a bheith acu agus rince chomh maith.

Bhíodh gach saghas cluiche ar siúl ann. Más rud é go mbíodh an lá go breá théadh a lán díobh ag bádóireacht. D’ithidís milseáin, torthaí de gach saghas, cístí milse agus dheinidís tae dóibh féin ar an dtrá. 

Ní raibh deireadh leis an spórt agus an caitheamh aimsire a bhíodh ann. Théadh na tincéirí ann leis ó Chorcaigh, Luimneach, agus Tiobraid Árann agus bhíodh carbhán acu agus scata leanaí de ghnáth leo agus an ghruaig dearg orthu.

Théadh na buachaillí agus na cailíní go léir ann de ghnáth ós na háiteanna mórthimpeall chomh fada le naoi nó deich míle ar gach taobh. Bhíodh na cailíní gléasta go deas agus bhíodh stocaí agus bróga bána orthu ag dul ann.

Théadh siad ann i mbáid, ar thrucail nó ar rothar. Anois agus arís shiúlaidís ann agus uaireanta nuair a bhíodh an taoide imithe amach bíodh iachall orthu siúl ar chuid den trá agus bhíodh na bróga dubh ansan in ionad bán mar bhíodh an trá lán de phluda.

Síle Máire Ní Dhuígín,
Slínn, Cill Orglan,
Co Chiarraí
a fuair an t-eolas seo ó Sheán P. Ó Duígín (86).

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Féile Naomh Peadar agus Pól in Uíbh Ráthach'