Ó DHÚCHAS: Féile mór na hÉireann’ a thugtar Oíche Nollag…

CARTLANN NA FÉILE: Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Seo, ón gcartlann, píosa as Maigh Eo faoi Oíche Nollag

Ó DHÚCHAS: Féile mór na hÉireann’ a thugtar Oíche Nollag…

Níl féile ar bith sa mbliain, is mó a mbíonn ómós ag gach duine, idir shean agus óg, saibhir agus bocht roimhe ná Oíche Nollag. ‘Féile mór na hÉireann’ a thugann na seandaoine air. I bhfad sula dtagann an Nollaig bíonn gach duine go gnóthach ag réiteach an tí ina comhair. Glanann siad amach gach greim den teach. Cuireann siad aol air agus ceannaíonn siad a lán rudaí deasa don teach le comóradh a dhéanamh ar an ‘oíche bheannaithe’, a deir siad. 

Is é faisean na háite seo fear nó bean an tí a dhul go dtí an siopa roimh Lá Nollag agus stór do gach rud a dhéanfadh iad ar feadh míosa nó go speisialta ar feadh na coicíse.

Má tá aon duine muinteartha leat imithe go Sasana nó Meiriceá nó áit ar bith ó bhaile, cuireann a muintir gé nó cáca milis nó rud éicint mar bhronntanas agus cárta Nollag chucu. Cuireann an duine atá imithe cárta agus airgead nó bronntanas eile chucusan. Nuair a thagann oíche Nollag tosaíonn bean an tí ag déanamh cácaí milse, agus ag réiteach gé nó cearc fhrancach i gcomhair an dinnéir lá arna mhárach. Is iondúil go dtéann na comharsana isteach ag a chéile an oíche sin agus bíonn buidéal uisce beatha acu agus ólann siad a sláinte.

Nuair a bhíonn siad ag ól, deir siad, ‘go bhfága Dia slán sábháilte muid le bheith ag ól sláinte i gcuideachta a chéile bliain ó anocht’.  Nuair a théann na páistí óga a chodladh déanann an mháthair suas beart nó stoca Nollag dóibh agus cuireann sí úlla agus oráistí ina stocaí chomh maith. Nuair a bhíonn na páistí ag dul a chodladh crochann siad suas a stocaí os comhair an tsimléir mar creideann siad go dtagann ‘Daidí na Nollag’ anuas an simléar agus go bhfágann sé féiríní acu. 

Nuair a éiríonn siad ar maidin ’sé an chéad rud a dhéanann siad ná féachaint ins na stocaí go bhfeicfidh siad céard a d’fhág Daidí na Nollag acu. An lá roimh oíche Nollag téann gach duine chuig faoistin agus lá Nollag glacann gach duine Comaoin Naofa.

Bíonn gach duine ag fanacht ar fhear an phoist an lá sin go bhfeicfidh siad cén bronntanas a gheobhaidh siad. ’Sé an gnó a bhíodh ag na seandaoine dul isteach go dtí an teach ósta tar éis Aifreann Lá Nollag, deireadh siad go bhfliuchfadh siad an Nollaig.

Máighréad Ní Chinnéide
Dubh-Airc
Gaoth Sáile
Co Mhaigh Eo

18 Samhain 1938

Faisnéiseoir Áine Bean Uí Chinnéidigh as an bhFál Mór

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Féile mór na hÉireann’ a thugtar Oíche Nollag…'