Ó DHÚCHAS: Éadáil Raice sa Daingean

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo scéal dhá long raice a bhí mar éadáil ag bádóirí sa Daingean…

Ó DHÚCHAS: Éadáil Raice sa Daingean

Bhí na Flathartaigh le húicéir sa Tiaracht leis na litreacha. Cúigear de chriú a bhí sa húicéir. Chonacadar árthach siar ó thuaidh ón Tiaracht agus chuadar féna déin. Chuaigh triúr den gcriú ar bord an árthaigh agus an bheirt eile abhaile leis an húcaér [húicéir].
Dúradh leis an mbeirt scéala thabhairt do Sheán Joe dul lom te go Luimneach féna mbráid agus imeacht chomh tapaidh agus a d’fhéadfadh sé é. San am san ní raibh aon chóir ar imeacht ón nDaingean ach an mhailcar. Ní fhágadh an mailcar an Daingean go dtí a haon a chlog sa lá.

Do bhí an triúr ag déanamh a ndíchill Luimneach do bhaint amach. Ní raibh i nduine acu, Tomás ’ac tSíthigh, ach nipper garsúin agus ní leomhfadh d’fhear na stiúire [stiúrach] a chos a chorraí ón áit ‘na raibh sé. Bhíodar ag déanamh isteach ar Bhéal Abha na Sionainne nuair d’éirigh an ghaoth ina gcoinne. Ní raibh le déanamh acu ach í a scaoileadh le gaoth.

Siúd ó dheas í le cóir mhaith gaoithe fé dhéin an Oileáin Tiar agus anuas an Bealach. Greathalach mór aindeis [ainnis] ab ea í a bhíodh ag tógaint paisinéirí go Meiriceá roimhe sin. Bhí lán an Bhealaigh inti ag gabháilt aduaidh. Thugadar iarracht ar Chuan Bhéil Inse do shroichint agus bhíodar gairid go leor do bhéal an Chuain nuair cad deir leis an ngaoth nár aistrigh ina gcoinnibh arís agus an oíche ann. Siúd le gaoth arís iad agus isteach i mBéal Chuan a’ Daingin.

Nuair dh’éirigh muintir an Daingin lá arna mhárach ná raibh sí tirim glan anairde ar oitir mhór an Daingin. Bhí sí ansan ar feadh a bhfad go dtáinig taoide mór rabharta agus gaoth aneas is tugadh go Cé a’ Daingin í agus cuireadh ar ceant a raibh inti. Lódáil brící a bhí inti agus ba dhóigh leat ná raibh oiread brící in Éirinn riamh is bhí inti nuair a cuireadh ina gcnocáin iad ar an gCé. Leacacha breá leathana agus brící bildeála. (Bealtaine 1875 a thosaigh an Copeland Isle ag déanamh uisce agus í ar a slí ó Newcastle go Talamh an Éisc le brící)

Muintir a’ Daingin a cheannaigh an chuid ba mhó díobh. Ní mór a fuair na Flathartaigh aisti sin. Is mó go mór a bhí de bharra ceann a bhuail leo ina dhiaidh san.

Is ar chapall iallaite a tháinig an scéala ón Muirígh (An Mhuiríoch] go Seán Joe, go raibh árthach mór ag imeacht ar bóiléagar lasmuigh de chuan Ard na Caithne. Siúd siar Seán Joe agus a chriú sa húicéir agus bhordáladar í. Bhí a dhóthain cabhrach aige an turas so agus sheoladar isteach go Luimneach í. Cé a bheadh i Luimneach rompu ach captaen an áthraigh, an fear a bhí tar éis í a thréigean i lár bá.

Chuaigh sé go bog is go crua orthu é a scaoileadh ar bord, gur dhearmad sé rud éigin áirithe ina dhiaidh inti. Ach má sea is mó lá go ligfeadh Seán Joe ina gaire é. Dá bhfaigheadh sé a chos ar bord arís ní bheadh aon bheann aige ar Sheán Joe, ná aon “claim” ag Seán Joe ar an árthach. Ach bhí fios a aitheanta aige Seán Joe chomh maith leis an gCaptaen.

Bhí Seán Joe ar leaba a bháis ina dhiaidh san nuair a tháinig £300 chuige – a chion den airgead de bharr a shaothair – ag saoradh an árthaigh sin. Fear teann téagartha ab ea Seán Joe agus é fada lúbach láidir acmhainneach gníomhach agus plaosc mór dearg air. Bhíodh seanmhná buncala [?] ana-bhuíoch de. Ní raibh scilling riamh ina phóca ná roinneadh sé orthu agus i dtaobh éisc dó níor ghá dóibh aon dinnéar tur a dh’ithe an fhaid a bhí breac aige Seán Joe. Bhí rian air, is iad a bhí go hochlánach uair, nuair a bhí sé trí seachtaine thar cailc ar farraige gan aon tuairisc uaidh.

Is amhlaidh a chuaigh sé go Liverpool Shasana chun árthach do sheoladh ‘on Daingean. Árthach seoil dob ea í sin leis agus do shéid gaoth mhór is uain trí chéad míle chun farraige í. Leis an suaitheadh nár aistrigh an t-ualach agus ní raibh aon dul ar an stiúir a chur i bhfeidhm ná aon dul ar an ualach do cheartú gur chiúnaigh an aimsir. Bhí sé trí seachtaine déanach nuair a bhuail sé Cuan a’ Daingin isteach.

Márta 1935 a scríobh Seán Ó Súilleabháin a bhí ag teagasc i Scoil Chluain Chortha i gCorca Dhuibhne an cuntas seo óna athair.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Éadáil Raice sa Daingean'