Ó Dhúchas: D’ithidís an fheoil gan í a bheith bruite chor ar bith chomh maith is dá mbeadh sí bruite…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo agus fuadar siopadóireachta ar an saol mór cloisimid faoin mbeatha a bhíodh ag muintir Inis Meáin sna 1930idí 

Ó Dhúchas: D’ithidís an fheoil gan í a bheith bruite chor ar bith chomh maith is dá mbeadh sí bruite…

Is é an méid bia a d’itheadh na seandaoine fadó, ná trí bhéile. D’itheadh siad fataí ar maidin agus iasc agus arís in am dinnéir agus ins an oíche. Bhíodh faochain agus bairnigh acu leis na fataí. Ba ghnách leo obair a dhéanamh ar maidin roimh an gcéad bhéile, mar théadh siad amach ar an ngarraí nó ag an gcladach agus is ann a thugtaí amach na fataí acu le n-ithe. Is fataí a bhíodh acu go minic mar ní bhíodh aon phlúr ann an t-am sin. D’óladh siad bainne go minic mar bhíodh sé acu leis na fataí freisin, bainne leamhnachta agus bainne géar. Is ar an gciseog nó ar an mbord a d’ithidís an béile. Chrochadh siad an bord leis an mballa nuair a bhíodh an béile ite acu. Bhíodh min bhuí agus roinnt plúir acu agus do bhídís ag déanamh sáspain díobh sin. Do bhíodh min choirce acu freisin agus d’ithidís í mar bhéile. Do mheascadh siad an mhin choirce agus na fataí bruite le chéile. Dhéanadh siad na fataí a scríobadh le ‘scraper’ agus é a fháisceadh go maith agus é a bhruith ansin, agus nuair a bheadh sé bruite, é a ithe mar arán.

Ní bíodh aon fheoil rómhinic acu ach nuair a mharaíodh siad beithígh nó caoirigh, is feoil úr a bhíodh acu. Nuair a bhíodh na muca tógtha, mharaíodh siad ceann acu agus shailleadh siad í agus bhíodh siad á hithe goirt. D’ithidís an fheoil gan í a bheith bruite chor ar bith chomh maith is dá mbeadh sí bruite.

D’ithidís iasc an minic, seo cuid de na héisc a d’ithidís – langa, crúdán, scadán, mangach agus cineálacha eile. Bhíodh siad á ithe úr is goirt, d’ithidís uibheacha Domhnach Cásca i gcónaí. Bhíodh dhá ubh nó trí huibhe ag chuile duine acu mar bhíodh sin de ghnás acu. Ní bíodh aon chupán acu go dtí le tamall anuas. Is as na sáspain a bíodh siad á ól agus as babhlaí freisin.

Nóra Ní Chonghaile,
Ceathrú an Teampaill,
Inis Meáin, a fuair an t-eolas seo óna hathair Pádraic i 1938.

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas: D’ithidís an fheoil gan í a bheith bruite chor ar bith chomh maith is dá mbeadh sí bruite…'