Ó DHÚCHAS: Dhá ubh Chásca don duine uasal ach trí cinn don bhodach…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo féile agus cúbóg na Cásca atá againn…

Ó DHÚCHAS: Dhá ubh Chásca don duine uasal ach trí cinn don bhodach…

Dlí na nUbh
Ubh fíordhuine uasal
Dhá ubh duine uasal
Trí huibhe féile don bhodach.

Cáit Bhreathanch, Tuar an Fhíona, Port Láirge

Ubh Aoine an Chéasta

Le linn m’óige do thugtaí ubh Aoine an Chéasta ar aon ubh a bheireadh cearc Aoine an Chéasta. Do chuireadh muintir an tí na huibheacha sin i leataobh go cúramach. Uair éigin tar éis an mheáin oíche maidin Domhnach Cásca d’éiríodh muintir an tí agus bheirídís na huibheacha sin agus d’ithidís iad. Dá mba é nach mbeadh acu ach an t-aon ubh amháin do bheirídís í agus do dheinidís í a roinnt ar na daoine a bheadh i láthair. Dheineadh na huibheacha sin maitheas anama agus coirp do lucht a n-ite. 

Róis Uí Mhongáin (74), Maigh Bealaigh, Contae Chill Dara

Féile is flaithiúlacht na Cásca

D’airigh mé m’athair agus fear eile ag caint an oíche fé dheireadh. Fadó is min bhuí a thugadh na feirmeoirí dos na fearaibh aimsire. Uair amháin bhí beirt fhear ag obair  i dtigh feirmeora agus ní bhíodh aon arán ná im ná siúcra leagtha ar an mbord.
Domhnach Cásca leag bean an tí an t-arán agus pláta uibheacha agus rudaí eile ar an mbord, shuíodar síos agus d’itheadar gach rud ach amháin an siúcra. Ansan dúirt ceann acu leis an gceann eile, “Cad a íosfaimid anois?”
Dúirt an fear eile go n-íosfaidís an siúcra. Bhí an fear díreach ag cur a láimhe isteach sa siúcra nuair a tháinig bean an tí isteach, agus sé an rud a dúirt sí: “an rud is annamh is iontach”. 

Siobhán Ní Lonáin 11, Maoil an Choirnigh, Port Láirge a fuair an scéal seo óna hathair.

Scilléad d’uibheacha

Féile mhór eile ab ea Domhnach Cásca. D’itheadh gach duine ceithre cinn nó leathdhosaen uibheacha cearc agus ní bhídís tinn ina ndiaidh.

Gheibheadh na buachaillí aimsire tae agus arán déanta de phlúr bán agus a ndóthain uibheacha chun an bhricfeasta. Gheibhidís feoil i gcomhair an dinnéir agus tae arís roimh dul a codladh. Bhíodh Domhnach Cásca beagnach chomh maith le Lá Nollag.

Bhí buachaillí ag imirt iománaíochta ar inis éigin, tráthnóna Domhnach Cásca fadó.

Bhí fear ann agus bhí sé ag déanamh scrios tríd an bpáirc lena chamán.

“Fan uaim amach,” a deireadh sé. “D’itheas scilléad d’uibheacha inniu.”

Domhnall Ó Cróinín, An Gort Buí, Lios an Phúca, Contae Chiarraí

“Bia agus deoch na Nollag
Éadach nua na Cásca
Leite lae’l Michíl
Agus boighreán lae’l Pádraig

Aoine an Chéasta is mór an céasadh bainne d’ól
agus Domhnach Cásca is mór an náire bheith gan feoil.”

Pádraig Ó Súilleabháin, Na Millíní, Contae Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Dhá ubh Chásca don duine uasal ach trí cinn don bhodach…'