Deirtear go bhfeiceann an capall a lán rudaí nach féidir leis an marcach d’fheiscint in aon chor

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo insítear dúinn faoin diamhracht a bhain leis an gcapall sa seanchas…

Deirtear go bhfeiceann an capall a lán rudaí nach féidir leis an marcach d’fheiscint in aon chor

Tá a lán piseog mar gheall ar an gcapall. Ní ceart an capall a dhíol an fhaid a bhíonn an té gur leis é beo. Má fhágann an t-athair capall ag an mac nuair a phósann sé ní ceart don mhac an capall san do dhíol an fhaid a mhaireann an t-athair.

Deirtear go mbeireann an capall an té gur leis é ar thuras mór an oíche a gcailltear é. Is minic a chuaigh an mac amach sa stábla ar maidin tar éis na hoíche a mbeadh a athair á thórramh agus bheadh an capall lán d’allas agus buailte amach mar bheadh cúrsa mór éigin tugtha isteach aige.

Níl aon amhras de réir na seandaoine ná go bhfeiceann an capall a lán rudaí nach féidir le daoine d’fheiscint. Tá ciall chiúin ag an gcapall agus is féidir leis sióga agus sprideanna d’fheiscint.

Seo scéal mar gheall ar an gcapall:

Bhí athair mo sheanathar-sa ina chónaí i nGleanntán le hais Charraig an Ime agus aon oíche amháin bhí sé ag teacht ó Chorcaigh le capall agus cairt. Nuair a tháinig sé go dtí áit uaigneach ar an mbóthar do sheas dhá chluais an chapaill agus ansan thug an fear fé deara liathróid tine ag teacht as an gclaí agus ag dul isteach sa phortach.

Thiomáin an fear leis abhaile agus chuir sé an capall isteach sa stábla tar éis scor dó mar a dheineadh i gcónaí. Chuaigh sé féin a chodladh agus is dócha gur chodail sé go sámh mar go raibh tuirse air tar éis an bhóthair. Nuair a d’éirigh sé ar maidin bhí an capall dóite suas ina luaithrigh.

Deirtear go bhfeiceann an capall a lán rudaí nach féidir leis an marcach d’fheiscint in aon chor. Bhí fear ag dul ar an mbóthar lá agus bhí sé chun a chapall do bhreith leis as páirc ná raibh i bhfad ón dtigh. Bhí diallait ina láimh aige agus bhí sé ag dul go dtí an baile mór. Chuaigh sé ann leis ach nuair a bhí sé tamaillín ann d’airigh sé go raibh gaol gairid dó tar éis bháis d’fháil.

Chuir sé teachtaire abhaile ag triall ar a mhnaoi le scéala agus thiomáin sé féin leis go dtí an tórramh. Ar theacht abhaile dó timpeall uair an mheán oíche is ea do thit an rud greannmhar amach. Nuair a bhí an fear ag cur an chapaill isteach sa pháirc do léim sé agus thosaigh sé ag seitreach. Tháinig an marcach anuas den chapall agus chonaic sé an gaol marbh sa bhearna.

D’inis an gaol dó gur ghoid sé capall óna chomharsa agus dá dtabharfaí an capall eile don chomharsa go mbeadh an scéal i gceart aige féin. D’imigh an sprid nuair a bhí an méid sin ráite aice. Thug an fear capall don chomharsa ar goideadh an capall uaidh agus ní deirtear gur cuireadh aon chúraimí eile air ná go bhfaca sé an sprid a thuilleadh.

Micheál Ó Briain, Clais Mhig Uidhir, Co Chorcaí

Fág freagra ar 'Deirtear go bhfeiceann an capall a lán rudaí nach féidir leis an marcach d’fheiscint in aon chor'