Ó DHÚCHAS: ‘Deireann muid ‘get out’ leis an mada’…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol.

Ó DHÚCHAS: ‘Deireann muid ‘get out’ leis an mada’…

Ainmhí na Feirme

Tá muca, caoirigh, gabhair, capaill, asal, madraí, cearca, bó, lao, gamhain, agus cat againn ar an bhfeirm. Nuair a bhíonn muid ag glaoch orthu tugann muid ainmneacha faoi leith orthu le go dtuigfeadh siad muid. Tugann muid ‘seobhaín’ ar na gabhair agus ar na caoirigh. ‘Tuaidh’ ar an gcapall agus ar an asal. ‘Bute’ agus ‘Sailor’ ar na madraí. ‘Tiuc tiuc’ ar na cearca. ‘Beitín’ ar an mbó. ‘Suicín’ ar an lao agus ar an ngamhain. ‘Bís Bís’ ar an gcat. ‘Nuch Nuch’ ar na muca. Nuair a bhíonn muid ag tiomáint na bó deireann muid léi ‘hurc a bhéit’, deireann muid ‘High Ass’ leis an asal agus deireann muid ‘go out’ leis an madra. ‘Skut’ leis an gcat. Tugtar ‘sea-sí’ ar na cearca, ‘fág seo’ leis na muca. Sin iad na hainmneacha a thuganns muid orthu ar fad. Cuirtear féar nó tuí faoin asal sa gcró mar leaba. Cuirtear raithneach faoi na muca agus faoi na cearca. Ní chuirtear aon leaba faoi na beithígh mar bíonn siad amuigh ar feadh na bliana.

Brighid Ní Choncheanainn
Ceathrú an Teampaill
Inis Meáin
Oileáin Árann
Co na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Deireann muid ‘get out’ leis an mada’…'