Ó DHÚCHAS: ‘Deir na seandaoine gurb iad mí Lúnasa agus mí an Mheithimh an dá mhí is ádhúla le pósadh…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Bhíodh ádh ar leith ar an lánúin a phósadh mí Lúnasa

Ó DHÚCHAS: ‘Deir na seandaoine gurb iad mí Lúnasa agus mí an Mheithimh an dá mhí is ádhúla le pósadh…’

Deir na seandaoine gurb iad mí Lúnasa agus mí an Mheithimh an dá mhí is ádhúla le pósadh. Deir siad an duine a phósann i mí Lúnasa go mbíonn an Fómhar le crapadh aige. Is í mí na Bealtaine an mhí is mí-ádhúla le pósadh.

Nuair a bhíonn fear ag dul ag pósadh cuireann sé beirt nó triúr go teach na mná la galún uisce beatha, agus fiafraíonn den bhean an bpósfaidh sí a leithéid seo d’fhear. Déarfaidh sí go bpósfaidh. Téann siad abhaile agus insíonn siad don fhear é. Bíonn an fear an-sásta ansin agus téann sé féin go teach na mná agus déanann siad suas an lá a phósfar iad. Faigheann siad beirt a sheasfaidh leo.

Nuair a thagann siad abhaile agus iad pósta, tugann siad cuireadh dá ndaoine muinteartha a theacht chun na bainise. Nuair a bhíonn an oíche tite tagann seanchleamairí agus iad gléasta suas in éadaí mná, agus bíonn hataí cocháin orthu sa gcaoi is nach n-aithneoidh muintir an tí iad.

Nuair a bhíonn siad istigh scaitheamh beag tagann fear de mhuintir an bhaile isteach agus gléas ceoil leis. Tosaíonn na cleamairí ag damhsa. Bíonn siad ag damhsa tamall maith. Ansin tosaíonn siad ag ceoltóireacht agus ag insint scéalta. In éis tamaill téann fear thart le buidéal uisce beatha agus tugann sé cúpla gloine do gach fear. Faigheann na mná neart le n-ithe agus le n-ól chomh maith.

Brigid Ní Ghallchobhair,

Corrán Buí,

Maigh Eo

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Deir na seandaoine gurb iad mí Lúnasa agus mí an Mheithimh an dá mhí is ádhúla le pósadh…’'