Ó DHÚCHAS: ‘Deir daoine go raibh iasc ann fadó’ – tobar Mhichíl Naofa i gCorca Dhuibhne

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Tá Lá’l Michíl caite ach tá tuairisc againn faoina thobar i gCorca Dhuibhne…

Ó DHÚCHAS: ‘Deir daoine go raibh iasc ann fadó’ – tobar Mhichíl Naofa i gCorca Dhuibhne

Sé an t-ainm a thá air ná Tobar Mhichíl Naofa. Tá sé suite i mBaile Móir. Tá falla beag tógtha timpeall air agus geata beag ag dul isteach chuig an tobar. Tógadh an falla san timpeall fiche bliain ó shin. Siad na daoine a thóg an falla san ná Mícheál Ó Donnachadha ó Bhaile na Buaille agus Pádraig Ó Fiannachta ón bPaideac agus Éamonn Ó Muircheartaigh ó Bhaile Móir. Tá cuid den bhfalla briste síos anois ach tá seana-scríbhneoireacht ar na fallaí fós nach féidir a thuiscint.

Tá an tobar i mbarra bóithrín atá ag teacht aníos ón bhfarraige. Tá tithe in aice an tobair agus tá an bóthar poiblí in aice leis. Tá droichead díreach ar aghaidh an tobair amach ach ní mór atá fágtha ann anois den droichead san. Tá an droichead san díreach ar thaobh an bhóthair.

Tá cloch bheag ina seasamh i lár an droichid agus í ar dhath glas. Tá cros gearrtha amach istigh i lár gach taobh don gcloich. Tá an t-uisce athá san dtobar an-ghlan agus tá sé ag teacht amach as píobáin ar an dtaobh thuaidh den dtobar. Tá an t-uisce ag rith amach trí phíobán eile atá ar an dtaobh theas den dtobar agus ritheann an t-uisce san leis ar thaobh an bhóthair go sroicheann sé an fharraige. Tá déanamh na cearnóige ar an bhfalla atá timpeall ar an dtobair. Bíonn turas ann na haon bhliain ar an fiche naoú lá de Mhí Mheán Fómhair, sé sin lá fhéile Naomh Micheál.

Titeann an lá san ar an Domhnach uaireanta nó lá éigin den tseachtain. Bíonn a lán daoine ann ag tabhairt na dturasa. Tagann na daoine ó gach paróiste eile ann, go mór mór más ar Dia Domhnaigh a thiteann lá Fhéile Michíl. Tagann seandaoine agus caithid suí síos ag paidreoireacht. Deirtear go bhfuil leigheas ins an uisce do thinnis fiacaile agus tinneas droma. Tógtar cuid den uisce chun é d’ól agus níonn cuid des na daoine a n-aighthe ins an uisce. Creideann na daoine go bhfágann siad a dtrioblóidí ina ndiaidh ann má dheineann siad úsáid a bhaint as an uisce.

Tugann na daoine a dheineann an turas naoi gcinn de thurasanna timpeall an tobair agus an droichid le chéile. Faigheann siad naoi gcinn de chlocha beaga agus caitheann siad ceann amháin des na clocha beaga san isteach sa tobar i gcónaí tar éis turas mórthimpeall a bheith tabhartha acu. Deireann siad an choróin agus An Phaidir agus An tAve cúig uaire. Tar éis san a bheith déanta acu téann gach aoinne go dtí an droichead agus cuireann siad ofráil beag éigin anairde ar an droichead.

Deireann cuid des na daoine leis an choróin arís in aice leis an droichead. Nuair a bhíd ag ofráil na rudaí cuireann siad fén droichead leis iad uaireanta. Cuireann siad cnaipí agus pinginí agus leathphinginí ann uaireanta. Is minic gur rud an-bheag ar fad a chuireann siad ann, cuir i gcás blúire ceirte nó ceanglaíonn siad blúire de ribín timpeall na cloiche. Tar éis an turas a bheith tabhartha níonn cuid des na seandaoine a gcosa arís agus coisriceann na héinne é féin leis an uisce. Tugann cuid des na daoine buidéal den uisce leo go dtí daoine a bhíonn breoite sa bhaile ná bíonn in ann an turas a thabhairt.

Deir daoine go raibh iasc ins an tobar san fadó sular tógadh aon fhalla timpeall air. Níor dhein éinne faic leis an iasc ar dtúis ach lá amháin chuaigh leanbh go dtí an tobar ag triall ar uisce. Thug sé an t-iasc abhaile agus cuireadh ar an dtine an t-iasc ach ní bheireodh an t-uisce in aon chor. Cuireadh thar n-ais an t-iasc sa tobar agus do beiríodh an t-uisce ina dhiaidh sin. Níor cuireadh aon chur isteach ar an iasc ó shin mar dúirt na daoine go raibh sé beannaithe.

Sin scéal atá ag na seandaoine ina thaobh ach ní fios d’éinne an fíor an seanscéal sin nó nach fíor.

Máire Ní Ghribhthín, Baile an Ghóilín, Corca Dhuibhne a d’aithris i 1936

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Deir daoine go raibh iasc ann fadó’ – tobar Mhichíl Naofa i gCorca Dhuibhne'