Ó DHÚCHAS: Deascaint an airneáin i gCeapach Choinn

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. Tráth seo an airneáin is léir an meas a bhíodh ar an dea-chaint agus an abarthacht

Ó DHÚCHAS: Deascaint an airneáin i gCeapach Choinn

Nuair do bhíos-sa im bhuachaill óg leathchéad bliain ó shin, bhí seanfhear darb ainm dó Seán Leathan ina chónaí ag an mBarra i bparóiste Thuar an Fhíona agus ag béal dorais bhí an Phollmhóin – is dócha go mba é seo Poll na Móna mar is é mo thuairim go mbíodh móin á baint sa cheantar san fadó.

Bhuel, ba bhéas le Seán, nuair a bhíodh ina aonar, caint do chur air féin. Bhí a fhios ag na comharsain go léir béas Sheáin agus uaidh seo glaodh Seán Leathan na Cainte air mar leasainm.
Bhí sé cois claí ag cadráil leis féin lá nuair do bhuail comharsa air i ngan fhios dó. Tar éis beannú do Sheán agus do Sheán é d’fhreagairt chuir an chomharsa an cheist seo: “Bhuel, a Sheáin, dé chúis a mbíonn tú ag cur cainte ort féin i gcónaí mar a mbídhir?”

Níor tháinig an oiread le gíog ar Sheán go ceann nóiméid. Ansan labhair go mín réidh agus dúirt “ní raibh fhios agam féin go dtí anois é mar níor dheineas an t-ábhar díospóireachta san do phlé liom féin ach ón machnamh atá déanta agam anois ar an gceist, tá ’fhios agam go bhfuil dhá chúis leis.”

“Mhuise an miste liom fiafraí díot cad iad?”

“Bhuel, sé an chéad smaoineamh do bhuail im’ cheann gur maith liom bheith ag caint le duine ciallmhar agus ag sála an smaoinimh sin rith isteach an ceann seo, is maith liom bheith ag éisteacht le duine ciallmhar ag caint.”

Mar atá síos cheana sa leabhar seo, táilliúir ab ea m’athair agus sa nGeimhreadh nuair a bhíodh sé gnóthach d’fhanadh ag airneán pé tigh a bheadh sé ann ar feadh an lae agus bhíodh an meán oíche buailte leis sara stadadh sé.

Bhíodh na comharsana ag teacht ar chuartaíocht. Bhídís ag cur is ag cúiteamh ar imeachtaí an tsaoil agus is minic a d’éiríodh saobhnú dúr cealgach ina measc.
Ní fheadar cad é an thesis a bhíodar a phlé an oíche áirithe seo, ach bhí beirt an-chorraithe agus ráinigh go raibh stad ’na chuid cainte ag duine acu. Bhí na lads ag bualadh fé agus nuair a d’éirigh dó sa díospóireacht ba é seo féachaint air ag iarraidh na focail ná tiocfadh do thabhairt leis.

Bhí an fear bocht i dteannta agus gan ag éirí leis nuair a shín wag a bhí láithreach a lámh amach chuige agus dúirt: “Muise, leag na focail ansan dom agus déarfad féin duit iad.”

  • Seán Ó Conaire, Scoil Chill Íseal, Ceapach Choinn, Contae Phort Láirge

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Deascaint an airneáin i gCeapach Choinn'