Ó DHÚCHAS: ‘Cluichí na ngasúr in Inis Meáin’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Bhí an Carghas againn an tseachtain seo caite, agus anois sliocht faoi chluichí na ngasúr in Inis Meáin

Ó DHÚCHAS: ‘Cluichí na ngasúr in Inis Meáin’

Is iad na cluichí a imrím ná screaga, ag piocadh sméara agus cnónna, ag déanamh púicín, ag déanamh bhfolach. Is é an chaoi a bhím ag imirt screaga ná faighim cúig chloch bheaga agus tosaím ag comhaireamh ó chúig go dtí cúig is dhá fhichead. Má thiteann aon cheann de na screaga uaim is cailleadh é sin agus caithim iad a thabhairt don chéad duine eile.

Bíonn mé ag baint sméara sa bhFómhar. Is ins an bhFómhar a bhíonn muid ag déanamh púicín mar bíonn na hoícheanta fada agus is deacair iad a chaitheamh go dtí am codlata. Cuirtear éadach thart timpeall ar shúile duine agus bíonn an chuid eile ag rith timpeall agus ag bualadh buille ar an ‘bpúicín’ agus leantar mar sin nó go mbeireann an duine a mbíonn an púicín air ar dhuine, agus ansin cuirtear air sin an púicín.

Bíonn muid ag déanamh iompar sa Samhradh. Téann duine suas ar dhroim duine eile agus iompraíonn sé é tamall. Bíonn muid ag déanamh bhfolach san Earrach. Téann beirt nó triúr i bhfolach agus téann an chuid eile dá chuartú agus na daoine a bhíonn i bhfolach faigheann siad sin iompar ó na daoine a bhíonn á gcuartú. Is é an púicín a bhíonn muid a dhéanamh sa teach.
Bíonn muid ag rá hel-little-loí nuair a bhíonn muid ag déanamh i bhfolach. Bíonn muid a’ rá nuair a bhíonns muid ag déanamh púicín: ‘A phúicín , a phúicín má fhaighim greim ort, béarfaidh mé ort agus sáfaidh mé síos in mo phóca thú.’

Brighid Ní Chonceanainn (fuair sí an t-ábhar óna hathair)
Ceathrú an Teampaill
Inis Meáin
Co na Gaillimhe
11 Aibreán 1941