Ó DHÚCHAS: Croí mór maith seachas briathra míne a mheallann cailín críonna

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais as bailiúchán Dúchas.ie. As Ros Muc, faighimid bealach le mianach fir a thuiscint…

Ó DHÚCHAS: Croí mór maith seachas briathra míne a mheallann cailín críonna

Bhí rí ann agus ní raibh aige ach aon iníon amháin. Bí triúr fear i ngrá léi agus thagaidís chuile oíche ag cuartaíocht ag an teach. Bhí fear acu a raibh éadach uasal air, bhí culaith ghearr ghorm ar fhear acu agus bhí culaith bhréidín ar an tríú fear. Bhí siad ag teacht chuile oíche ar feadh seacht mbliana.

Nuair a bhí na seacht mbliana thuas dúirt an bhean óg lena máthair nach bpósfadh sí aon duine acu go deo go bhfaigheadh sí amach cén tslí bheatha a bhí acu.

Aon lá amháin ghléas sí í féin suas i gculaith mná boichte agus d’imigh léi go ndeachaigh sí go dtí teach an fhir a raibh an t-éadach uasal air. Bhí sé ina oíche uirthi nuair a tháinig sí chuig an teach agus ní raibh aon duine roimpi ach gadhar mór a bhí ceangailte ar chúl an dorais agus bhí coinneal ar lasadh. Bhí an gadhar ag tafann uirthi agus chaith sí píosa aráin chuige agus rinne sí an-mhórtas leis.

Is gearr gur airigh sí torann ag teacht agus chonaic sí beirt fhear agus bean in éineacht leo. Shíl sí gurbh í an bhean ba bhreátha a bhí ar an domhan í. Thugadar leo í agus chuireadar os comhair na tine í agus chuireadar coinneal ina láimh. Thosaíodar ag tarraingt a cuid fola agus bhí an gadhar ag tafann orthu. Bhaineadar an lámh di agus chaith siad chuig an ngadhar í. Rug an bhean ar an láimh agus chuir sí faoina seál í. Nuair a bhí an bhean marbh acu thugadar suas san seomra í. Nuair a fuair sise san seomra iad rith sí lena hanam.

Oíche lá arna mhárach chuaigh sí chuig teach an fhir a raibh an chulaith ghearr ghorm air. Nuair a tháinig sí isteach ní raibh istigh ach máthair an fhir. Chuir sise fáilte roimpi.

“Tabharfaidh mise sin dhuit agus fáilte más maith leis an bhfear atá anseo é.” Níorbh fhada go dtáinig sé agus bullán goidte aige. “Céard atá an diabhal sin a dhéanamh ansin agat?” a deir sé.

“Seanbhean bhocht í atá ag iarraidh lóistín agus ní inseoidh sí sin tada ort arae ní fheicfidh sí tada anseo ach ár gcuidse cneasta féin.”

Mharaigh sé an bullán agus chuir sé lán pota de síos a’ bruith. Nuair a bhí sé réidh níor thug sé tada dá mháthair ná don bhean bhocht. Ach ghoid an mháthair píosa uaidh agus thug sí ruainne don bhean bhocht.

Nuair a bhí sé ina lá d’imigh léi go teach an fhir a raibh an chulaith bhréidín air.

Tháinig sí isteach san teach agus bhí bean an tí an-fháiltiúil roimpi. Dúirt sí nach bhfaca sí aon bhean bhocht le fada an lá cheana. Nuair a tháinig an mac isteach dúirt sé: “Céad míle fáilte romhat, téirigh síos ag an tine agus téigh thú féin, tá tú dallraithe. A mháthair, tabhair neart le n-ithe agus le n-ól don chréatúr.”

Nuair a bhí sí ag imeacht lá arna mhárach, thug an fear mála olla di. Chuaigh sí abhaile agus d’inis sí an scéal dá máthair.

Tháinig an triúr fear san oíche lá arna mhárach agus rinneadh féasta mór dóibh. Nuair a bhí an féasta thart dúirt an rí go gcaithfeadh gach duine acu scéal a inseacht agus “inseoidh mise scéal mé fhéin,” a deir an rí. Ní raibh aon duine acu in ann aon scéal a inseacht. Thosaigh an iníon ag inseacht a scéil féin. Bhí fios curtha ar na pílears aici an t-am seo.

“Seo é mo scéalsa,” a deir sí.

“Bhí mise ag do theachsa agus chonaic mé ag marú mná thú agus seo í an lámh a chaith tú ag an ngadhar mór. Bhí mé ag do theachsa,” a deir sí le fear an chulaith ghoirm. “Tháinig tú agus do bhullán mór goidte agat agus níor thug tú blas de do do mháthair ná domsa.”

“Tháinig mé chuig do theachsa,” a deir sí le fear an chulaith bhréidín, “chuir tú féin agus do mháthair na mílte fáilte romham agus chuir tú mála olla abhaile liom le haghaidh stocaí.”

Bhí na pílears ag éisteacht leis an gcaint amuigh ag an bhfuinneog. Tháinig siad isteach agus thugadar leo an bheirt fhear a rinne an marú agus an ghoid agus crochadh iad.

Phós sí fhéin agus fear an chulaith bhréidín agus bhí siad saibhir sách ar feadh blianta.

Áine Ní Chonaire a thóg an scéal seo ó Phádraig Ó Conaire [Pilib] (65), as Ros Cíde, Ros Muc, Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Croí mór maith seachas briathra míne a mheallann cailín críonna'