Ó DHÚCHAS: Conas mar a fuair an baile beag Tamhlacht a ainm ó aicíd eile

Gach seachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Inniu tá seanchas againn as Tamhlacht i mBaile Átha Cliath 24 faoi bhunús an logainm sin

Ó DHÚCHAS: Conas mar a fuair an baile beag Tamhlacht a ainm ó aicíd eile

Suas le céad bliain ó shin, nuair a tháinig an galar dubh ar na prátaí, tháinig an galar céanna ar na daoine mar ní raibh aon rud eile acu le n-ithe.

Bhí siad ag fáil bháis ar na bóithre, ins na páirceanna, agus i ngach aon áit. Má chuaigh duine in aice le duine eile, marbh nó beo, agus an galar air tháinig an galar air féin agus fuair sé bás. Ar an ábhar sin ní raibh sé d’uain ag na daoine uaigh a dhéanamh do gach duine marbh agus seo an tslí inar cuireadh iad, ná poll an-mhór a dhéanamh, agus ualach coirp a bhailiú agus iad a chur isteach ins an bpoll agus leac mhór a chur os a cionn.

Tá uaigh mhór den saghas seo taobh amuigh de Thamhlacht. Taimleacht  (a thugtaí air) agus seo mar a fuair an baile beag seo a ainm – taimh – an galar nó an ‘plague’ agus leac – an chloch mhór réidh os cionn na huaighe móire. B’in é Naomh Maolrúin a chabhraigh leis na daoine san cheantar seo fén am seo agus sin é an chúis a dtugtar Taimhleacht “Maolrúin” air.

San tsean-aimsir níor chuaigh an bóthar san treo céanna ina dtéann sé fé láthair, chuaigh sé tríd na páirceanna ar thaobh do láimhe deise agus tú ag teacht ó Bhaile Átha Cliath. Bhí mainistir ins an áit ina bhfuil an reilig go dtí teacht an céad Easpag Protastúnach go hÉirinn. Tá an túr ina sheasamh go dtí an lá inniu agus tá sé mar chlogás ar an teampall.

Tá rian díon na mainistreach ar thaobh an túir agus deirtear gur thug an Tiarna Bancroft na clocha go dtí ceann eile an bhaile bhig agus gur thóg sé ‘Caisleán Bancroft’ leo. Tá fothraigh an Chaisleáin sin le feiscint go fóill.

– Bean Uí Chuinn a bhí ag múineadh i Scoil Mhuire i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath a scríobh an cuntas seo

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Conas mar a fuair an baile beag Tamhlacht a ainm ó aicíd eile'

  • Anna Ni Fhiannusa

    Scéal fíor shuimúil faoi Tamhlacht agus an ainm. Tá stair Maelrúin féin an shuimiúil freisin agus is fiú blaiseach de a léamh.

  • Claire lyons

    Dar le mo mháthair cuireadh Partholon, ceann dena hionraitheoirí réamh staire a tháinig go hÉirinn agus a fuair bás den phlá buí, san áit ina bhfuil an séipéal inniu I dTamhlacht. Chónaigh sise agus a clann roimhe sa cheantar ar feadh na cianta cianta.

  • Caoimhín

    An-alt. Ní riabh sé ar eolas agam riamh.