Ó DHÚCHAS: Comhairle Eoghain Rua Ó Súilleabháin dá mhac…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo comhairle don mhac againn óna athair...

Ó DHÚCHAS: Comhairle Eoghain Rua Ó Súilleabháin dá mhac…

Iad seo na nithe a choinníonn tigh duine ina shuí – bean tí théagartha, giolla treabhadh tairise, láir bheireatais agus cráin faoi arca [bainbh].

Iad seo na ceithre nithe threascraíonn an tigh – bean ainmhianach íotach, clann dhearóil dhothógála, capall fáin foghlach agus giolla gann galrach.

Agus seo an t-aon ní a mhilleann gach tigh – muintir mhórmhuirearach mhíchabhrach.

Agus seo an t-aon ní a choinníonn tigh duine síochánta – muintir umhal uathaidh.

Trí dhíth gach tigh – lao agus leanbh agus seandaoine seanga slána.

An t-aon cheard is treise ná gach ealaín – an treabhracht [treabhadh].

An t-aon duine dár fearr tairbhe a chlainne – an mac óglaoch, óir má bheirtear clann dó go hóg agus iad ag éirí aníos in éineacht leis féin, is fearr dó iad ná muintir choimhthíoch. 

An t-aon duine dár measa tairbhe a chlainne – duine easlán óir beidh bia is éadach a chlainne air.

Na trí comharthaí thigh an dea-dhuine- tine mhór, muintir fhial agus foirgneamh fairsing.

Ná trí comharthaí thigh an drochdhuine – madra géar foléimneach, cailleach cheasachtach dhoicheallach agus urlár fé arca.

An t-aon ní ba mheasa a fuair tí riamh – tiarna santach sárlag do chaithfeadh é agus ná cosnódh é.

An t-aon ní is fearr a fuair fear tí riamh – tiarna teann tairise.

Na trí díth atá air – tarnamh [tarlú] fann faillíoch, céacht santach solámha agus capall fáin foghlach. 

Na trí ní a líonann na hiothlanna – tnúth, soláthar agus síorchaithis, óir mura  rabhais ina chaithis beir ina aithis.

Is amhlaidh a dhlitear do sheantigh a dhéanamh amhail do dheineadh an bhean – bheith ag cnuasach sa samhradh agus sa bhfómhar agus ag caitheamh sa ngeimhreadh agus san earrach.

Conchubhar Ó Deasmhumhna, Baile Bhuirne, Contae Chorcaí a d’eachtraigh an chomhairle seo do Sheán Ó Cróinín i 1928.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Comhairle Eoghain Rua Ó Súilleabháin dá mhac…'