Ó DHÚCHAS: Colmóirí agus im leáite dinnéar na Nollag

Oíche Nollag chuiridís an choinneal isteach i dtornapa agus bhíodh lámh ag an líon tí go léir agus ag fear an tí á lasadh

Ó DHÚCHAS: Colmóirí agus im leáite dinnéar na Nollag

Oíche Nollag

Fadó sé an dinnéar a bhíodh acu lá Nollag ná colmóirí agus im leáite orthu. Ní bhíodh aon choinnle acu ach aon cheann mór amháin. Ligidís an choinneal sin ar lasadh agus an tine leis go ndúisídís maidin lá Nollag. Thugaidís caora cuilinn isteach leis agus bhíodh béile breá acu lá Nollag agus ní bhíodh an oiread san acu ar feadh na bliana arís.
Oíche Nollag chuiridís síos bloc mór adhmaid sa tine agus choimeádaidís an píosa de ná dóití agus lasaidís é nuair a bíodh stoirm nó toirneach ann. Oíche Nollag chuiridís an choinneal isteach i dtornapa agus bhíodh lámh ag an líon tí go léir agus ag fear an tí á lasadh.

Óm sheanathair a fuaireas iad seo, tá sé 76 de bhliantaibh anois.

Pádruig Ó Donnabháín, Scoil Fiach Naofa, Eadargóil, Béarra, Co Chorcaí

Chuaigh mo mháthair mhór go dtí an siopa lá roimh Nollaig agus chuaigh mé féin agus no dheirfiúr go dtí an tOileán Mór agus thug muid dhá scian mhóra linn agus bhain muid cuileann agus chroch muid ar na ballaí é. Nuair a tháinig mo mháthair mhór abhaile bhí an-áthas uirthi.

Lá arna mhárach mharaigh mo sheanmháthair gé agus lacha agus chroch sí ar chúl an dorais iad. Oíche Nollag lasamar coinnle sula dtáinig an oíche agus mhúch muid iad ag an haon déag a chlog.

D’fhága muid an doras oscailte san oíche
Chuaigh muid agus chuir muid síos tine mhór na Nollag ansin. Oíche Nollag Bige lasamar coinnle freisin agus Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag chomh maith. Bíonn an Nollaig caite Oíche Chinn an Dá lá Dhéag.

Áine Ní Mhaithnín i Scoil an Oileáin Iarthaigh, i gConamara a fuair an seanchas seo óna seanmháthair Máire Ní Chatháin (79), as an Turlach Beag.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Colmóirí agus im leáite dinnéar na Nollag'