Ó DHÚCHAS: Chomh críonna le Solamh Mac Dá – mioscais teaghlaigh as Conamara

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo mioscais teaghlaigh atá againn as Conamara

Ó DHÚCHAS: Chomh críonna le Solamh Mac Dá – mioscais teaghlaigh as Conamara

Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Mac Dá. Bhí sé pósta agus bhí mac aige a nglaoití Solamh air, mar bhí sé an-chríonna. Bhí go leor páistí eile ag an bhfear freisin. Bhí a máthair tinn agus bhí curtha suas ag Rí na Gréige léi a ligean uirthi go raibh sí caillte agus nuair a chreidfeadh a fear go raibh go gcuirfeadh sé féin a chuid fear anall len í a thabhairt don Ghréig.

Chuir sí an scéala ag Rí na Gréige go mbeadh sí á cur anocht agus a bheith ag faire le go mbeadh a fhios aige cá mbeadh sí á cur agus í a thabhairt leis don Ghréig.

Nuair a bhí an mháthair caillte bhí siad uilig go brónach. Bhíodar uilig ag caoineadh ach Solamh.

“Muise, shílfeá go mbeifeá-sa ag caoineadh, a Sholaimh,” arsa an t-athair leis.

“Ó, nach bhfuil sibh uilig ag caoineadh,” arsa Solamh, “agus cén mhaith mise a bheith ag caoineadh?.”

Bhí a fhios ag Solamh go dtiocfadh Rí na Gréige agus a chuid saighdiúirí, agus nuair a tháinig an oíche d’imigh leis amach go dtí an uaigh. Bhí go leor coillte ann agus chuaigh sé i bhfolach iontu. Thug sé trí éan leis – lon dubh, céirseach agus smólach. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a tháinig an Rí agus a chuid fear. Nochtadar an uaigh agus thóg siad an bhean aisti. Bhreathnaíodar ina dtimpeall.

“Anois,” a dúirt an bhean, “tá mac agamsa – Solamh – agus tá sé an-chríonna agus b’fhéidir go bhfuil sé ins na tomachaí sin agus cuartaigí iad.”

Thosaigh siad a’ cuartú na dtomachaí agus nuair a bhí siad a’ teacht i ngar dhó scaoil Solamh amach an chéirseach.

Nuair a tháinig siad ar ais dúirt siad nach raibh ann ach céirseach.

“Á tá daoine an-ghar dhó sin,” a deir an bhean, “imigí aríst agus cuartaigí.”

Rinneadh an rud céanna. Scaoil Solamh uaidh an smólach. Nuair a tháinig siad dúirt siad an rud céanna.

“Má tá sé beo tá sé i ngar dhó sin,” arsa an bhean, “Imigí libh aríst dhá chuartú.”

Rinneadar mar a dúirt sí leo. Nuair a d’airigh Solamh ag teacht iad scaoil sé amach an lon dubh. Nuair a tháinig siad dúirt siad gur lon dubh a d’éirigh.

“Más ea,” a dúirt an bhean, “tá libh, níl aon duine i ngar dó sin.”

Thógadar leo an bhean don Ghréig. Nuair a tháinig Solamh abhaile ar maidin bhí a athair ag caoineadh roimhe.

“Ó, nach tú atá díchéillí ag caoineadh na mná atá thall sa nGréig faoi seo,” arsa Solamh. “Dháiríre atá tú?” arsa an t-athair.

“Sea,” arsa Solamh.

Cúpla lá ina dhiaidh sin ghléas Solamh é féin in éadach amadáin agus chuaigh sé don Ghréig. Nuair a bhí sé ag siúl na sráide, chonaic sé a mháthair thuas agus í ag breathnú amach thríd an bhfuinneoig. Chuaigh sé isteach sa teach agus dúirt: “Abair leis an mnaoi a theacht anuas chugam.”

Chomh luath is a chonaic sé í d’aithin sé í agus d’aithin sise é féin. Thosaigh sí ag fógairt agus ag béicigh agus ag rá Solamh a mharú.

“Muise, tabhair dom spás go ceann seachtaine nó go bhfeicfidh tú an dtiocfaidh dom fiafraí d’aingle,” arsa Solamh.

“Déanfaidh sin,” arsa an rí, “gheobhaidh tú sin.”

Chuir Solamh litir abhaile agus dúirt sé lena athair a chuid saighdiúirí a ghléasadh in éadach dubh agus geal. Rinne an t-athair mar a dúradh leis agus chuaigh sé don Ghréig.

Chonaic Rí na Gréige na saighdiúirí ag teacht agus d’fhógair sé ar a mhnaoi.

Mharaigh na saighdiúirí an Rí agus thugadar an bhean abhaile.

Bhí siad go lánsásta ansin.

Lá amháin chuaigh an fear amach ag fiach agus d’fhan Solamh ag an teach. Nuair a bhí sé in am dinnéir ghlaoigh a mháthair isteach ar Sholamh.

Thug sí a dhinnéar dó agus chuir sí nimh ann. Nuair a bhí Solamh ag fáil bháis, d’fhiafraigh sí de cá bhfuair sé an fios.

“Gabh amach anois,” a deir Solamh léi “agus suigh ar an gcloich ghlais sin amuigh agus fan ann go n-aireoidh tú an fuacht ag dul suas in do chroí.”

Chuaigh sí amach agus rinne sí é agus nuair a d’airigh sí an fuacht ag dul suas ina croí tháinig sí isteach.

“Anois,” arsa Solamh, “tá tú féin chomh caillte liomsa.”

Cailleadh an bheirt le chéile.

Tá seanfhocal ann – chomh críonna le Solamh Mac Dá.

– I Scoil an Chnoic i Leitir Mealláin a bailíodh an scéal seo ach níl ainm an dalta curtha leis

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Chomh críonna le Solamh Mac Dá – mioscais teaghlaigh as Conamara'