Ó DHÚCHAS: Chogain Fionn a ordóg agus do fuair sé leigheas don Éadach Óg

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo is é Fionn Mac Cumhail fear na n-éachtaí

Ó DHÚCHAS: Chogain Fionn a ordóg agus do fuair sé leigheas don Éadach Óg

Bhí Fionn Mac Cumhail ag fiach is a’ sealgaireacht lá agus do chonaic sé an caol-solas uaidh agus do chuaigh sé féin ’na dhéin. Do bhí seanbhean ansan istigh roimis agus d’imríodar breith. Do bhuaigh sí an bhreith agus do chuir sí de gheasa droma draíochta air an bullán bán a bhí sa domhan thoir a thabhairt leis.

Do tháinig fear ag triall ar an bhFéinn fadó agus do bhí sé de gheasa droma draíochta air go gcaithfeadh sé trí bhéile bia fháil ar aon bhord gach maidin.

Fuair sé an bia ón bhFéinn agus do mhol sé iad go maith agus dúirt sé leo ná íosfadh sé ach fé mar a íosfadh gach éinne eile as sin amach. “Agus,” ar seisean, “má bheireann aon chás crua oraibh go brách, tá deartháir agamsa go dtugaid siad an tÉadach Óg air agus cabhróidh sé libh.”

Do chuaigh Fionn féna dhéin agus do bhuaileadar roimis amuigh agus d’inis sé a chás dóibh. “Alright, “ arsa na tÉadach Óg, “raghadsa leat, agus nuair a raghaidh tú isteach go dtí an rítheaghlach anois ná hith aon ní, agus déarfaidh mo bhean leat ithe agus abair go bhfuil ceist uait. Déarfaidh sí leat go bhfaighidh tú aon ní ach an tÉadach Óg, gan an tÉadach Óg a bhreith leat.”

Chuaigh Fionn isteach agus d’iarr sé ar an mnaoi an tÉadach Óg a ligint leis. Do fuair sé an cheist agus dúirt sí leis dá marófaí an tÉadach Óg éadach dubh a chur in airde ar an tseol nuair a bheidís ag teacht.  Dúirt an tÉadach Óg leis gan aon ní a chur in airde sa tseol dá marófaí é féin mar dá bhfeicfeadh sí é go bhféachfadh sí orthu trína méireanna agus go mbáfaí an long.

D’imigh sé féin agus an tÉadach Óg agus do bhí an bullán bán tugtha isteach sa bhád acu nuair a tháinig máistir an bhulláin bháin. D’éirigh an tÉadach Óg agus fear an bhulláin bháin anairde sa spéir mar a bheadh dhá sheabhac agus do thángadar anuas. Do chuadar anairde ansan mar a bheadh dhá mhagpie agus do thiteadar anuas ar bhruach na loinge marbh, an bheirt.

Do chaitheadar amach fear an bhulláin bháin agus do thugadar leo an tÉadach Óg. Níor chuireadar aon éadach dubh anairde agus shíl bean an Éadach Óig go raibh an tÉadach Óg beo nuair a chonaic sí an long ag teacht.

Nuair a chonaic sí an tÉadach Óg marbh, “Á,” ar sise, “do bháfainn sibh dá mbeadh a fhios agam go raibh an tÉadach Óg marbh.”

Chogain Fionn a ordóg ón smior go dtí an smúsach agus ón smúsach go dtí an smior agus do fuair sé leigheas don Éadach Óg.

-Diarmuid Ó Duinnín (70) as Ceann Droma, Baile Bhuirne a d’aithris an scéal seo do Phroinséas Ó Ceallaigh i 1935

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Chogain Fionn a ordóg agus do fuair sé leigheas don Éadach Óg'