Ó DHÚCHAS: Cén fáth go mbíonn an fharraige goirt? Bhí an freagra ag cailín óg as Carna…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo insíonn cailín óg as Carna dúinn an fáth go mbíonn sáile goirt…

Ó DHÚCHAS: Cén fáth go mbíonn an fharraige goirt? Bhí an freagra ag cailín óg as Carna…

Bhí beirt dearthár ann fadó – duine acu bocht agus an duine eile saibhir. Chuile lá thagadh an duine bocht go dtí an duine eile ag iarraidh rud le n-ithe. Thagadh sé i gcónaí, i gcónaí, ach sa deireadh thiar thall dúirt an duine saibhir leis gan teacht chuige arís níos mó. Lá arna mhárach nár tháinig sé arís. Bhí an deartháir saibhir le báiní agus dúirt sé leis: “Gread leat as m’amharc agus gabh go hIfreann.”

D’imigh an pleidhce leis, agus lean sé ag siúl agus ag siúl go dtí go raibh a bhróga chomh tanaí le sciathán féileacáin. Sa deireadh shroich sé teach mór. Isteach leis, agus cé a bhí istigh roimhe ach an diabhal.

D’fhiafraigh an diabhal de céard a bhí uaidh. D’fhreagair sé gur dhíbir a dheartháir é. Ansin dúirt an diabhal leis go dtabharfadh sé muileann dhó agus rud ar bith a d’iarrfadh sé air a dhéanamh, dhéanfadh sé dhó é. ‘Spáin sé dhó conas é a oibriú, agus conas stop a chur leis, ach dúirt sé leis ar a anam gan a inseacht d’aoinne beo faoi.


As go brách leis an bhfear ansin, agus an muileann faoina ascaill aige. Is gearr gur shroich sé a bhaile dúchais. Dúirt sé leis an muileann teach beag a dhéanamh dhó. Rinne an muileann mar a dúradh leis – thóg sé an teach ba bhreátha dá bhfaca tú ariamh. Dúirt sé leis ansin ór a dhéanamh dó. Thosaigh sé ag déanamh an óir agus á chartadh amach chuige ar an mbord, agus is gearr go raibh an teach lán d’ór agus bhí áthas a chroí ar an bhfear bocht.

Chuala an deartháir saibhir an scéal agus tháinig sé ag iarraidh an mhuilinn air. Ní raibh an duine bocht sásta ar dtús, agus nuair a thairg an duine eile milliún punt air, thug sé dhó é. Thóg sé leis é agus nuair a chuaigh sé abhaile thosaigh sé ag cartadh amach bia dó go raibh an áit lán. Thug sé ar ais don fhear bocht arís é. An oíche chéanna ghoid captaen loinge an muileann uaidh.

Dúirt sé leis féin go dtógfadh sé leis é – go ndéanfadh sé lucht salainn dhó le díol. Sheol sé ar maidin – dúirt sé leis an muileann tosú ag obair agus salann a mheilt dó. Rinne sé mar a dúirt sé leis, agus lean sé ag meilt salainn go dtí go raibh an bád luchtaithe. Dúirt sé leis ansin stopadh, ach ní stopfadh sé – lean an muileann ag meilt chomh tréan in Éirinn is a d’fhéad sé. Bhí an captaen ar buile leis – rug sé air agus chaith sé amach sa bhfarraige é. Lean sé ag meilt, agus tá sé mar sin go dtí an lá atá inniu ann.

Deirtear gurb in é an fáth go bhfuil an fharraige goirt agus beidh go deo.

– Áine Ní Charthaigh (10), Carna, Conamara a fuair an scéal seo óna seanathair, Séamus Caulfield (85)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cén fáth go mbíonn an fharraige goirt? Bhí an freagra ag cailín óg as Carna…'