Níl aon duine beag na mór nach dtéann go teach a’ phobail an lá sin le marc a fháil ar a n-éadain. Tá deireadh anois le rince agus ceol, le hoícheanta móra agus le spóirt go mbíonn an Carghas amuigh.
Cuireann na daoine oibleagáid orthu féin Turas na Croise a shiúl gach lá ar feadh an Charghais. Níl an troscadh chomh mór ar na daoine anois agus a bhíodh san sean-am. Is minic anseo a ghníodh na seanmhná agus na seandaoine an Troscadh Tréanach agus ba mhinic a chaithfeadh an sagart cosc a chur orthu ar eagla go ndéanfadh siad dochar daofa féin.
Bhíodh an Troscadh Tréanach ó Dhéardaoin go Domhnach. Ar Aoine a’ Chéasta ní bhlaiseann na daoine greim bídh agus ní ólann siad dadaí ach uisce b’fhéidir go mbíonn achan rud thart i dteach an phobail.
Roimhe seo ní chuirfeadh bean braon uisce ar a héadan agus ní chuirfeadh sí cíor ina gruaig ach í sínte síos léi ina slaoda go dtí go dtiocfadh sí ar ais ó theach an phobail.
Sé an fáth a bhí leis seo: an chéad Aoine an Chéasta nuair a chuala an Mhaighdean Mhuire gur beireadh ar Íosa agus gur daoradh chun báis É ní raibh faill aici dadaí a dhéanamh ach a clóca a chur fána ceann agus amach léi in airicis a Mic mhuirnigh.
Mar an gcéanna, chuireadh na mná anseo clóca nó falaing suas ar a gceann agus amach leo go teach Dé gan cóiriú ar bith a thabhairt orthu fhéin.
Is cuimhneach liom féin fa thuairim dá fichid bliain ó shin nuair a bhíodh an sagart ag déanamh seanmóra ar Chéasadh Chríost, ní chluinfeá é le caoineadh ban agus chífeá deora i súilibh na bhfear fosta. Ba mhaith an tseanmóir anois a bhainfeadh och! as na cailíní atá ann.
Eidhneachán Ó Muireadhaigh, a bhí ag teagasc i Scoil Chill Charthaigh i dTír Chonaill a scríobh
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Céadaoin an Luaithrigh – deireadh le rince is ceol is oícheanta móra'