Ó DHÚCHAS: Cailín dóighiúil Chonnacht á santú ag slua sí Dhún na nGall faoi Shamhain

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. Tráth seo na Samhna is tráthúil eachtraí na sí sna Rosa…

Ó DHÚCHAS: Cailín dóighiúil Chonnacht á santú ag slua sí Dhún na nGall faoi Shamhain

Bhí Conall Ó Baoighill ina chónaí sna Rosa, agus oíche dá raibh sé amuigh casadh slua sí air, agus iad ag dul suas go Connachta le cailín dóighiúil a bhí ann a thabhairt leo anuas go Dún na Séad mar ar chónaigh siad. Mar nach dtiocfadh leo an cailín a tabhairt leo gan duine saolta bheith ar mhuin an chapaill léi, thug siad leo Conall suas. Chuir siad an cailín ar chúl Chonaill, agus phill sé na bhaile.

Bhí a chluasa foscailte ag Conall óir ba bhreá an cailín í. {Chuala sé an slua sí ag caint} ‘Má tá taitneamh aige di, níl aige ach fáinne a ghearradh di, agus ní bheadh de chumhacht ag aon duine againne baint léi.’

D’fhan Conall go raibh sé ar ais sna Rosa agus nuair a fuair sé faill ar na daoine beaga, ghearr sé fáinne thart air féin agus ar an gcailín ach sula raibh an fáinne déanta aige, bhuel, bhuail duine de na daoine beaga an cailín le slaitín draíochta agus d’fhág bodhar balbh aige í.

An tSamhain a bhí ann agus bhí sí ansin agus gan focal aici go Samhain dár gcionn. Oíche Shamhna d’imigh Conall go Dún na Séad ag súil go gcluinfeadh sé rud éigin a leigheasfadh an cailín.

Níorbh fhada ann é go gcuala sé duine den slua sí ag caint ar chailín Chonnacht.
‘Bliain is an oíche anocht a sciob an Baoigheallach beadaí cailín Chonnacht uainn,’ ar seisean. ‘Is fíor sin,’ arsa duine eile acu, ‘ach níl mórán maith dó í bheith aige mar tá sí bodhar balbh.’
‘Dá bhfaigheadh sí deoch as an gcorn seo,’ arsa an chéad duine arís ‘bheadh sí chomh slán is bhí sí ariamh.’

Isteach leis an mBaoigheallach agus d’fhan go dtáinig an corn a fhad leis. Amach leis agus an corn ina dhorn leis agus níor thug na daoine beaga faoi deara go raibh an corn imithe go raibh deoch ólta ag an gcailín as. Níor luaithe an deoch thiar aici ná tháinig an chaint chuici. Sin eachtra Chonaill Uí Bhaoighill agus cailín Chonnacht go dtí sin.

– Caitlín Nic Gaoithín, as Corr Mhín a d’inis an scéal seo do Mháire Nic Pháidín An Luinnigh, Doirí Beaga, Contae Dhún na nGall

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cailín dóighiúil Chonnacht á santú ag slua sí Dhún na nGall faoi Shamhain'