Ó DHÚCHAS: Cad as a tháinig an seanfhocal ‘nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith’? An freagra ag muintir an Spidéil…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ón mBailiúchán. An tseachtain seo seanchas as an Spidéal againn faoin gcailleach arbh éigean di rith…

Ó DHÚCHAS: Cad as a tháinig an seanfhocal ‘nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith’? An freagra ag muintir an Spidéil…

Aon uair amháin bhí cailleach ann agus bhí sí an-saibhir amach is amach. Bhí ór ina fharrabachall aici, talamh is trá agus na táinte ar chnoic. Ní raibh aon duine ina diaidh ach ógánach amháin, mac iníne léi féin. Is aigesean a bhí  sí le gach rud a fhágáil ach más aige féin bhí sí ag iarraidh a leas a bhaint as go maith – an scorach bocht.

Bhí sí bacach nó ar chaoi ar bith bhí sí ag ligean uirthi féin go raibh. Dheamhan coisméig a shiúlfadh sí ach ag cur faoi ndeara do mhac na hiníne í a iompar ó phosta go piléar aon uair a mbíodh fonn éirí in airde ar an seandiabhal.

Seo é an t-am a mbíodh daoine an-phisreogach. Chuile dhuine a d’fhaigheadh bás ceaptaí go mbeadh rud le n-ithe ag teastáil uaidh agus é ar a bhealach go dtí an saol eile.

Mar gheall air sin cuirtí píosa cáca sa gcónra in éineacht leis an gcorp – nó b’fhéidir crúib cnónna. Chomh tráthúil le bhfaca tú riamh cailleadh seanbhean san áit taca an ama a raibh an teaspach ar an tseanbhean eile seo. Chuaigh mac na hiníne ar an tsochraid agus chonaic sé na daoine muinteartha ag teilgean glac cnónna isteach sa gcónra in éineacht leis an gcorp.

Tháinig sé abhaile nuair a bhí an corp curtha sa reilig acu agus chuaigh i bhfianaise a sheanmháthar.

Mar is iondúil le go leor cailleachaí bhí sise an-bheadaí agus an-dúil sa ngreim nuachta aici.

Séard a dúirt sí leis an ógánach an oíche sin go raibh déidín tite aici le dúil i slám cnónna. Chuir sin eisean ag smaoineamh.

“Ara”, ar seisean, “nach é an trua gan na ceanna a cuireadh sa gcónra inniu agat – is iad a chuirfeadh an bhail ort.”

Nuair a chuala an chailleach an méid seo, dheamhan an t-arm capall a chuirfeadh amach as a ceann ach a dhul faoi dhéin na gcnónna an oíche sin. Ar ndóigh bhí ar an scorach bocht í a chrochadh leis ar a dhroim nuair a bheadh píosa den oíche ann agus í a thabhairt ’na reilige agus an uaigh a chartadh agus an sláimín cnónna a fháil di.

Ins an am céanna seo bhí beirt fhear ann agus is é an tslí mhaireachtála a bhí acu ach ag gadaíocht caorach.

An oíche chéanna seo a raibh an tseanbhean ag dul an bóthar bhí siadsan amuigh ag fuadach caorach dóibh féin. Sé an chaoi a raibh an scéal socraithe acu ná fear amháin acu a dhul agus caora a ghoid óna leithéid seo d’áit agus í a thabhairt chomh fada leis an reilig, áit a mbeadh sé féin ag fanacht leis. Mharóidís ansin í sa reilig agus roinnfidís í – ní baol go mbeadh aon duine thart faoin reilig san oíche agus ní raibh baol ar bith go bhfeicfí iadsan.

Mar sin chuaigh chaon duine acu ina bhealach féin – fear ag goid na caorach agus an fear eile chomh fada leis an reilig ag fanacht leis.

Nuair a bhí sé tamall amach san oíche bhog an chailleach léi agus í ag marcaíocht ar mhac a hiníne agus í sásta go leor di féin.

Nuair a bhí siad ag tarraingt ar gheata na reilige chonaic an fear a bhí ansin an sunda ag tarraingt air agus shíl sé go mba é a chomrádaí a bhí ann agus páin de chaora ar a ghualainn aige. Is air a bhí an ríméad ansin mar shíl sé go mbeadh féasta breá aige an oíche sin.

‘Bhfuil sí ramhar le marú?’ arsa eisean mar shíl sé go mba é fear na caorach a bhí aige ann.

Nuair a chuala an chailleach agus mac na hiníne an cheist seo is beag nár thit an t-anam astu le neart uafáis mar shíleadar gur ag dul ag marú na caillí a bhí an fear a bhí sa reilig.

“Más ramhar nó tanaí í”, arsa an fear óg, “bíodh sí agat,” ag caitheamh na caillí uaidh agus á thabhairt do na boinn abhaile.

Ansin d’éirigh an chailleach agus siúd ina dhiaidh sna fáscaí í agus bhí sí sa mbaile sula raibh seisean leath bealaigh.

Sin é an fáth go bhfuil an seanfhocal sin ann – ‘Nuair is cruóg don chailleach caithfidh sí rith’ againne ó shin i leith.

Micheál Ó Riagáin as an gCoilleach sa Spidéal a fuair an seanchas seo ó Bhean Uí Riagáin(63)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Cad as a tháinig an seanfhocal ‘nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith’? An freagra ag muintir an Spidéil…'

  • Margarita Neothallaigh

    An-mhaith