Ó DHÚCHAS: Bréagáin agus caitheamh aimsire na 1930idí

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Murar éirigh le Saintí dul ag na siopaí seo cúpla rogha eile daoibh

Ó DHÚCHAS: Bréagáin agus caitheamh aimsire na 1930idí

Is é an caitheamh aimsire atá ag na gasúirí beaga ná ag déanamh bádaí beaga de stán agus ag cur cleiteacha beaga agus seolta de sheanéadaí orthu agus ansin nuair a thigeadh lá gaoithe bhíodh siad ar shiúl ar chosa in airde chuig loch leis na bádaí a chur ag snámh. Bíonn cuid eile acu ag déanamh garraithe beaga agus ag cur preátaí agus coirce de gach seort agus bíonn cuid eile acu ag déanamh gaistí le éanacha na spéire a fháil agus nuair a gheibheann siad éan nó beirt cuireann siad isteach i gcás iad. Bíonn cuid eile acu ag gabháil thart ó áit go háit le píosaí beaga adhmaid ag déanamh gluaisteán díobhtha.

Ní bhíonn na bréagáin chéanna ag na cailíní a bhíonn ag na buachaillí. Caitheann na cailíní a n-am ag imirt le bábógaí beaga. Ghníonn cuid acu bábógaí de pháipéar dearg agus de sheanéadach agus ansin ghníonn siad gúnaí beaga díobhtha. Ghníonn cuid eile tithe beaga de chipíní agus cuireann siad píosaí beaga adhmaid isteach iontu agus deireann siad gur cathaoireacha atá iontu. Ghníonn cuid eile cliabháin as adhmad agus cuireann siad na bábógaí isteach iontu agus bíonn siad á mbogadh ó thaobh go taobh ag iarraidh iad a chur ina gcodladh.

Gráinne Ní Ghallchobhair, Doire an Chasáin, Na Dúnaibh, Tír Chonaill

Déantar gunnaí uisce as gas an fhuaráin mhín. Fásann an fuarán mín go caol ard agus ar a bharr fásann bláth geal timpeall chomh mór le croí do bhoise. Nuair a bhíonn an bláth aibí fásann póir air. Fásann na póir suas mar chána agus bíonn cranra idir gach ceann acu. Gearrann na páistí cuid de na póir agus cuireann siad poll i mbun gach cranra chun an t-uisce a dhul tríd. Gheibhtear píosa slaite agus cuirtear sreangán nó barrach thart air chun an t-uisce a shéideadh amach.

Déantar gunnaí pléascáin as an gcrann tromáin. Tá croí bog ins an tromán agus is féidir leat é a phiocadh amach. Ansin glantar amach é agus déantar saighead lena aghaidh as greim páipéir fhliuch. Ansin cuirtear an páipéar fliuch isteach ar a bharr agus cuirtear píosa slaite ar an taobh eile. Ansin tarraingítear aniar an tslat beagnach amach as agus ar aghaidh ansin go tobann. Cuireann an t-aer atá istigh sa ngunna pléascáin an saighead amach as le pléascadh beag.

Déantar bogha is saighead as slat sailí. Déantar leathchruinn an tslat agus cuirtear sreangán óna dhá barr. Ansin déantar saighead as slat. Cuirtear faobhar ar bharr na saighde agus cuirtear í i lár na sreinge. Ansin cuirtear an tsúil in aice leis an tsaighead agus tarraingítear an sreangán go tobann agus ligtear amach arís é. Cuirfidh sin an tsaighead ar siúl.

  Déantar crann tabhaill as píosa leathair agus dhá shreangán, ceann fada agus ceann gearr. An sreangán fada castar thart ar an láimh é agus beirtear ar an gceann eile sna méaraibh. Cuirtear cloch thart ar an leathar agus castar thart ar an gceann é go tobann. Scaoiltear an sreangán gearr de na méaraibh agus imíonn an chloch ar nós na gaoithe.

Déantar catapalt de ghabhlóg chrainn agus cuirtear sreangán ar bharr na gabhlóige sin.

Déanta ‘top’ [caiseal] as adhmad nó as tornapa. Déantar an bun de caol agus an barr leathan. Cuirtear tairne sin an mbun agus tá an ‘top’ déanta.

Déantar cliabhán éin as slat agus leathar. Sé an chaoi a ndéantar é ná cuirtear trí slat ina seasamh ar nós triantáin. Cuirtear slata trasna orthu ar an sáiteáin go dlúth agus ceanglaítear le gad iad. Ar bhun dhá cheann de na sáiteáin cuirtear lústar agus cipín faoi chun é a choinneáil beagán ardaithe den talamh. Nuair a sheasas an t-éan ar an lústar titfidh an cliabhán anuas agus tá an t-éan ceaptha agat.

Déantar ruóga as fionnadh capaill le haghaidh éanlaith a ghabháil. Déantar lúb as rann práis. Seo an chaoi a ndéantar an lúb.

Cuirtear ceithre nó cúig dhlaoi práis le chéile agus castar iad beagán. Cuirtear súil ar a bharr agus cuirtear an barr eile tríd an tsúil. Tá lúb agat ansin. Cuirtear rópa agus bacán air. Tá sé réidh le cur anois i gcásanna na gcoiníní.

Micheál Breathnach, Cnoc Leacan, Baile an Chaisil, Contae Mhaigh Eo

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bréagáin agus caitheamh aimsire na 1930idí'