Ó DHÚCHAS: Bíonn an ghrian féin ag damhsa le teann áthais maidin Domhnach Cásca

Ón gCartlann: I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. Is fiú éirí moch inniu agus ceápar damhsa na gréine a fheiceáil…

Ó DHÚCHAS: Bíonn an ghrian féin ag damhsa le teann áthais maidin Domhnach Cásca

Bíonn pruthóg {bruithneog} ag na páistí Domhnach Cásca. Bíonn teach beag déanta acu amuigh ins an bpáirc. Déanann siad tine le haghaidh an tae a dhéanamh agus na huibheacha a bhruith agus bíonn féasta acu. Itheann siad go leor uibheacha, cistí milse, uibheacha Cásca, milseáin, brioscaí, arán agus im. Agus ar an bhféasta sin glaoitear Pruthóg Cásca.

Deirtear go mbíonn an ghrian ag damhsa le teann áthais maidin Domhnach Cásca mar gheall ar Aiséirí Íosa Críost agus an duine a fheiceas í ag damhsa rachaidh sé go dtí na Flaithis go cinnte.

Éilís Ní Mháille, Béal Átha na mBreac (Coill Mhíolcon), An Mám, Co na Gaillimhe a d’inis an seanchas seo dá gariníon, Máire Ní Stancáird, an 26 Aibreán 1938

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bíonn an ghrian féin ag damhsa le teann áthais maidin Domhnach Cásca'