Ó Dhúchas… ‘B’in é an deireadh a bhí le Piaras Firtéar, an taoiseach cróga a dhein maise agus áis dá mhuintir’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó Dhúchas… ‘B’in é an deireadh a bhí le Piaras Firtéar, an taoiseach cróga a dhein maise agus áis dá mhuintir’

Cleamhnas Phiarais Feiritéar

Bhí Piaras Firtéar na chónaí i nDún na bhFirtéarach i dteannta a athar is a mháthar. Saghas oileán ab ea an áit a chónaíodar agus ar chomhlaí a théidís amach chuige.
Bhí Piaras in aois a phósta go maith is ní raibh aon chuimhneamh ar phósadh aige. Aon lá amháin dúirt a athair is a mháthair go mb’fhearr dó pósadh. Dúradar leis dul síos go dtí dún Daingin agus gur ann a bhí an bhean ab fhearr dó a phósadh. Dúirt a athair leis go raibh dall ann agus síntiús éigin a thabhairt dó, agus go n-inseodh sé sin dó má bhí aon locht ar an mnaoi óig.
Phreab Piaras anairde ar a chapall agus ba ghearr gur shroich sé Dún Daingin. D’inis sé do mhuintir an tí cad a thug é. Nuair a bhí Piaras ag imeacht abhaile thug sé síntiús don dall. Ansin a dúirt an dall le Piaras: 

“Inis do Dhonnchadh an Dúna

Ós é údar do gach dán,
Go ndúirt an dall a bhí sa chúinne
Gur thit crú ón láir bháin.”

D’imigh Piaras leis abhaile agus d’inis sé dá athair cad a dúirt an dall leis. Thuig a athair go maith an dán agus dúirt sé le Piaras gan an bhean san a phósadh, mar go raibh locht éigin uirthi.
Ansan thug an bhean cuireadh chun fleidhe do Phiaras agus chuaigh sé ann. Nuair a bhí an bia caite aige d’imigh an bhean anairde ar an lochta. Dúirt an dall le Piaras teitheadh mar go raibh an bhean chun é a lámhach.
Do léim Piaras Firtéar amach tríd an bhfuinneoig chomh tapaidh is a chuala sé é sin. Phreab sé ar a chapall agus níorbh fhada imithe é nó go raibh an tóir ina dhiaidh.
Do bhí capall maith aige agus thug sé na cosa uathu. Seo dán a dhein sé ag moladh an chapaill.
“An t-each dubh, ní mheasaim gur púca ar shliabh
Mar is umhal do tharraingeodh sí siúd an tsrian,
Thug sí an aga ó Dhún Daingin go Daingean Uí Chúise siar.”

D’imigh Piaras síos go lár na hÉireann. Bhuail bean leis agus do thit sé i ngrá léi. Do bhí Piaras chun í a phósadh mura mbeadh gur Sasanach í.

Do dhearbhaigh an bhean ar Phiaras go ndúirt sé go bpósfadh sé í. Theich sé ón áit agus chuir an bhean saighdiúirí ina dhiaidh. Theich Piaras go dtí an Rinn sa Bhlascaod Mór. Bhí dún beag ansan aige agus é ar bhruach na faille. Scaoileadh sé le faill an namhaid gach uair a thagaidís ar a thóir. Bhí sé tamall eile i bpoll sa chnoc agus thugadh muintir an Oileáin bia siar chuige. ‘Scairt Phiarais’ an t-ainm atá ar an bpluais a bhí aige.
Dúirt Piaras agus é ins an bpluais:
“A Dhia atá thuas an trua leat mise mar táim?
I mbotháinín uaigneach is nach mór go mothaím an lá;
An braon atá thuas in uachtar lice go hard,
Ag titim lem’ chluais is fuaim na toinne lem’ sháil.”

Do bhí Piaras Firtéar traochta tnáite agus sa deireadh thug sé é féin suas dos na saighdiúirí. Beireadh air i gCaisleán na Mainge agus crochadh é ag Cnoc na gCaorach in aice Chill Airne. Do crochadh easpag agus sagart in éineacht le Piaras. Do thug an sagart cloch do Phiaras le cur siar ina bhéal. Ní chrochfaí go deo é an fhaid a bheadh an chloch san ina bhéal. Bhris an chroch trí huaire faoi. Sa deireadh chaith sé an chloch as a bhéal agus dúirt sé ná beadh sé féin mar dhríodar ná mar fhuíoll croiche.
B’in é an deireadh a bhí le Piaras Firtéar, an taoiseach cróga a dhein maise agus áis dá mhuintir maidir le gníomhartha gaile agus filíochta an fhaid a mhair sé.

Faisnéiseoir:
Gobnait Ní Ghuithín,
50 bliain,
An Blascaod Mór

Leanbh a bhí ar scoil sa Bhlascaod Mór a scríobh an scéal seo don mhúinteoir Máire Nic Gearailt. Níl ainm an scoláire sin tugtha. Fuair Gobnait Ní Ghuithín an scéal óna hathair ar na Gorta Dubha i mBaile an Fheirtéaraigh.

Fág freagra ar 'Ó Dhúchas… ‘B’in é an deireadh a bhí le Piaras Firtéar, an taoiseach cróga a dhein maise agus áis dá mhuintir’'