Fadó ó shin, fuair na páistí comhairle gan sméara dubha a ithe ó Lá Samhna amach agus ní thiocfaidh leo crónna ar bith a ithe ó lá sean-Samhna. Thiocfadh drochrath ar an duine d’íosfadh iad ó sin amach. Chuireadh na daoine beaga creach ar na crónna agus na sméara ón oíche sin amach.
Bhíodh greann mór ag an mhuintir óg oíche Shamhna agus tá go fóill i gcorr-áit. Bíonn siad ag dó cnónna, ag déanamh lánúin agus ag breith ar úllaí lena mbéal i dtobán uisce. Bhí brúitín i gcónaí acu ag an tsuipéar agus im fríd an bhrúitín.
Nuair a bhíodh an suipéar thart oíche na marbh deirtí an paidrín beag agus níor coiglíodh an tine ach cuireadh síos tine agus scuabadh an t-urlár. Chreid na daoine go raibh cead ag an mhuintir a bhí marbh a theacht ar ais an oíche sin agus rinn siad an teach réidh fána gcoinne.
D’éirigh siad ansin i lár na hoíche agus dúirt siad an paidrín fada ar son na marbh.
Deirtear an paidrín fada seo go fóill ins an cheantar seo mar a dúirt siad le céad bliain nó níos faide.
Enrí Ó Coileáin, a bhí ar Scoil Ghort na Brád i gCarraig Airt, Co Dhún na nGall
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhíodh greann mór ag an mhuintir óg oíche Shamhna agus tá go fóill'