Ó DHÚCHAS: Bhídís na mná óga ag gabháil fhoinn agus ag casadh port agus ba gheall le fuiseoga iad ar maidin is tráthnóna

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo, tá cuntas againn as Carna faoin  mbuailteachas…

Ó DHÚCHAS: Bhídís na mná óga ag gabháil fhoinn agus ag casadh port agus ba gheall le fuiseoga iad ar maidin is tráthnóna

San am fadó, timpeall leathchéad bliain ó shin ann, an t-am a raibh mise i mo stócach ba mhaith leis an mhuintir atá ina gcónaí sa tír seo gar don fharraige a gcuid beithíoch a athrú i mí na Bealtaine agus an chéad mhí den fhómhar chuile bhliain amach ar an sliabh. Cheapaidís go ndéanfadh sé maith do na beithígh arís i gcaitheamh na bliana dhá mhí a fháil ar an sliabh.

Nuair a d’athraídís amach, bhíodh mná óga – is iad a bhíodh ag tabhairt aire do na beithígh. Nídís brácaí fód agus chuiridís ceann orthu d’adhmad beag fánach agus de scraith agus dhá dtagadh aon oíche bháistí, ní bheadh aon deoir bháistí anuas orthu. Thugaidís leo cuinneoga agus ancaird as an mbaile le haghaidh bainne a bhíodh ag na beithígh a chruinniú, an méid de nach dtugaidís do na laonta le n-ól. Faoi cheann trí nó ceathair de laethanta, bhíodh na cuinneoga lán le bainne acu le tabhairt abhaile.

Thugaidís leo abhaile a gcuid cuinneogaí ar a ndroim agus nuair a bhídís ins an mbaile bhíodh an maistreadh déanta ina an gcuinneog de bharr an bainne a bheith á chroitheadh anonn is anall an fhaid a bheidís ag siúl a ceathair nó cúig de mhílte ó d’fhágaidís an áit a mbeadh an bráca go dtí an t-am go mbeidís sa mbaile. Ní bhíodh ann ach an ‘lid’ a thógáil den chuinneog agus bhíodh bláthach ina an gcuinneog le haghaidh úsáid ar bith a bhfeilfeadh sé í a chur á déanamh – í a thabhairt le n-ól do mhuca nó do laonta, férbrí cé acu a b’fhearr leo.

Bhí an aimsir breá an dá mhí sin agus d’fhanaidís ar an sliabh agus bhídís an-chompordach ann. Bhídís ag  gabháil fhoinn agus ag casadh port agus ba gheall le fuiseoga iad ar maidin is tráthnóna. Tharraingídís go leor de na fir óga a bhí thart timpeall na háite amach ag éisteach leo ag fonnadóireacht agus ag casadh port agus ag damhsa agus ag déanamh chuile shórt spóirt.

Ach tá an aimsir sin caite agus níl tada den tsórt sin ar bun anois le timpeall is dhá scór blianta nó dá n-abraínn leathchéad.

Nuair a théadh na mná óga a bhíodh gar don fharraige amach chun an tsléibhe thugaidís leo ualaí fataí, aráin agus tae agus siúcra agus chuile shórt a d’fheilfeadh dóibh a chaitheamh sa mbráca ar buaile. Bhíodh féasta acu go minic agus théadh foireann trí nó ceathair de bhrácaí in éineacht go gcaithidís féasta agus go ndéanaidís píosa spóirt ar feadh píosa d’oíche nó píosa de lá. Agus b’iondúil go mbíodh fonn mór ar na fir óga a bheith in aice leo ag éisteacht leo.

Bhíodh bealach eile acu. Ghlanaidís na fataí agus nídís iad agus dhéanaidís arán díobh agus sé an t-ainm a thugtaí ar an arán sin a ghnídís as na fataí bacstaí agus bhíodh sé an-deas le n-ithe nuair a bhíodh neart ime in éineacht leis agus neart bainne le n-ól.

Éamon a’ Búrc as an gCoillín, Carna, Conamara a thug an seanchas seo do Liam Mac Coisdealbha i 1935.

Dhéantaí brácaí ar thamhnachaí bána – in áit dheas réidh, áit a mbíodh míleach agus foscadh. Na háiteachaí a mbíodh daoine ar buaile i gceantar Charna – Tamhnach Pháraic Conaola, Cnoc Buí, Na Cnocáin Bhreac, Cnoc Buí, Troisgín na nEach, Dúleitir, Gleannán ó thuaidh de Dhúleitir, Catha nó Tamhnach Bhé Chatha, Creig na gCon, idir Glinnsce agus Bé Chatha, Moing Sheáin Kane faoi bhun Chnoc Bhé Chatha, agus Gleann na Teorann.

Páraic Mac Con iomaire, Coillín, Carna Meán Fómhair 1935

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhídís na mná óga ag gabháil fhoinn agus ag casadh port agus ba gheall le fuiseoga iad ar maidin is tráthnóna'