Ó DHÚCHAS: Bhí sí ag guí le cuideachta, agus caidé tháinig isteach ach cloigeann mór dubh

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo, tá scéilín álainn againn as Árainn Mhór a chuideoidh leat fear a fháil…

Ó DHÚCHAS: Bhí sí ag guí le cuideachta, agus caidé tháinig isteach ach cloigeann mór dubh

Bhí bean ann uair amháin agus bhí a fear ar shiúl ag iascaireacht. Ní raibh duine ar bith aici ach í féin. Ní raibh teach ar bith in aice leobhtha, agus bhí an áit uaigneach go leor. Bhí sí ag guí agus ag guí le cuideachta.

Agus caidé tháinig isteach ach dhá spág. Shuigh an dá spág ar an bhac.

Bhí sí ag guí agus ag guí le cuideachta. Agus caidé tháinig isteach ach dhá lorga.

Shuigh an dá lorga ar an dá spág. Shuigh an dá spág ar an bhac. Bhí sí ag guí agus ag guí le cuideachta, agus caidé tháinig isteach ach dhá ghlúin.

Shuigh an dá ghlúin ar an dá lorga. Shuigh an dá lorga ar an dá spág, shuigh an dá spág ar an bhac.

Bí sí ag guí agus ag guí le cuideachta agus caidé tháinig isteach ach dhá mhás.

Shuigh an dá mhás ar an dá ghlúin, shuigh an dá ghlúin ar an dá lorga. Suigh an dá lorga ar an dá spág, shuigh an dá spág ar an bhac.

Bhí sí ag guí agus ag guí le cuideachta.

Agus caidé tháinig isteach ach tóin. Shuigh an tóin ar na dá mhás, shuigh an dá mhás ar an dá ghlúin. Shuigh an dá ghlúin ar an dá lorga. Shuigh an dá lorga ar an dá spág. Shuigh na spága ar an bhac. Bhí sí ag guí agus ag guí le cuideachta.

Agus caidé tháinig isteach ach droim. Shuigh an droim ar an tóin. Shuigh an tóin ar an dá mhás. Shuigh an dhá mhás ar an dá ghlúin. Shuigh an dá ghlúin ar an dá lorga. Shuigh an dá lorga ar an dá spág. Shuigh an dá spág ar an bhac.

Bhí sí ag guí agus ag guí le cuideachta, agus caidé tháinig isteach ach muineál.

Shuigh an muineál ar an droim. Shuigh an droim ar an tóin. Shuigh an tóin ar an dá mhás. Shuigh an dá mhás ar an dá lorga. Shuigh an dá lorga ar an dá spág. Shuigh an dá spág ar an bhac.

Bhí sí ag guí agus ag guí le cuideachta, agus caidé tháinig isteach ach cloigeann mór dubh. Shuigh an cloigeann ar an mhuineál. Shuigh an muineál ar an droim. Shuigh an droim ar an tóin. Shuigh an tóin ar an dá mhás. Shuigh an dá mhás ar an dá ghlúin. Shuigh an dá ghlúin ar an dá lorga. Shuigh an dá lorga ar an dá spág. Shuigh an dá spág ar an bhac.

Agus bhí fear aici ansin.

Seosaimhín Ní Dhubhthaigh as an Leadhb Gharbh in Árainn Mhór i gcontae Dhún na nGall a thug léi an scéal seo óna máthair Máire i 1938.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhí sí ag guí le cuideachta, agus caidé tháinig isteach ach cloigeann mór dubh'

  • Áine Ní Fhiannusa

    Scéal iontach le toradh maith sa deireadh – ach nár chuala sí faoi TINDER?