Ó DHÚCHAS: ‘Bhí sé gnách ag an aos óg mórán cleas a dhéanamh Oíche Shamhna…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Anseo tá scéal faoi chleasaíocht na Samhna i nGleann Cholm Cille

Ó DHÚCHAS: ‘Bhí sé gnách ag an aos óg mórán cleas a dhéanamh Oíche Shamhna…’

Cleas Oíche Shamhna

Bhí sé gnách ag an aos óg mórán cleas a dhéanamh Oíche Shamhna sa tseanam.

Bhí cailín ina cónaí i Málainn Bheag agus rinne sí cleas Oíche Shamhna agus deirtear go raibh an scéal fíor faoi mar a d’éirigh léi.

Nigh sí a léine in uisce trí theoranta agus chuir sí ar triomú í ar chathaoir os coinne na tine in am codlata. Chuaigh sí féin a luí i leaba na cisteanaí agus d’fhan sí múscailte go bhfeicfeadh sí an dtiocfadh fear ag tiontú na léine.

Ní raibh sí i bhfad ina luí nuair a fosclaíodh an doras agus shiúil fear coimhthíoch isteach, agus é gléasta i gculaith mairnéalaigh. Tháinig sé aníos go dtí an chathaoir agus thiontaigh sé an léine.

Bhí scian phóca ina láimh aige agus nuair a bhí sé ag tiontú na léine, d’fhág sé an scian ar an chathaoir agus rinne dearmad di nuair a bhí sé ag imeacht.

Choinnigh an cailín an scian i gcónaí go cúramach, agus lá amháin tháinig bád isteach go hUaigh Mhálanna Bige le hOifigeach na ‘Coast Guards’. Léim mairnéalach amach ar an ché leis an mbád a fheistiú.

Chomh luath agus a chonaic an cailín é d’aithin sí gurb é an fear céanna a tháinig ina hóige Oíche Shamhna é. Bhí sé ag spaisteoireacht thart faoin ché agus casadh ar an chailín é. Chuaigh an bheirt chun cainte mar ba léir go raibh sé ag coimhéad uirthi ó tháinig sé amach as an bhád. Ní raibh siad i bhfad ag caint nuair a d’fhiafraigh sé di an bpósfadh sí é. Pósadh iad tamall ina dhiaidh sin. Lá amháin nuair a  bhí siad tamall pósta chonaic sé scian aici, agus d’fhiafraigh sé di cá bhfuair sí an scian. “Sin scian liomsa,” ar seisean.

“Chaill mé an scian sin oíche amháin blianta ó shin,” arsa seisean, “agus is maith is cuimhneach liom an oíche chéanna. Bhí mé thuas ar an chrann Oíche Shamhna amháin ag leasú rópa. Bhí an scian sin i mo láimh agus tháinig mearbhlán i mo cheann. Thit mé anuas i gcnap laige ar an bhád. Nuair a mhúscail mé bhí mo scian caillte agam, agus ní fhaca mé í ón oíche sin go bhfaca mé agatsa anois í.

An duine a d’inis an scéal: Brighid Ní Bheirn, Málainn Bheag, Gleann Cholm Cille, Co Dhún na nGall.

Aois an Scéalaí: 62 bliain

Chuala sise an scéal óna hathair. Bhí seisean deich mbliana agus ceithre scór nuair a fuair sé bás, agus tá sé marbh bliain agus fiche.

Eanáir 1938

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Bhí sé gnách ag an aos óg mórán cleas a dhéanamh Oíche Shamhna…’'