Ó DHÚCHAS: Bhí Mór agus Muilc ag siúl cois na trá…

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ón mBailiúchán. An tseachtain seo scéal as Rann na Feirste atá againn mar cheiliúradh ar ghradam Kim Sharkey dá leagan de Mór agus Muilc

Ó DHÚCHAS: Bhí Mór agus Muilc ag siúl cois na trá…

Bhí Mór agus Muilc ag siúl cois na trá. Bhain díobh a mbróga agus chuaigh trasna an deám. Tháinig portán fá na ladhracha orthu, dar leo gur sin an bás. D’imigh siad don rása sin a chur an scéil i gcos ard go dtáinig siad fhad le Eoghan Mhac an Chailc.

“Eoghan Mhac an Chailc sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala é ná chonaic é?” arsa Eoghan Mhac an Chailc.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chuas a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc agus Eoghan Mhac an Chailc go dtáinig siad fhad le Sagart Mhín na Glig.

“Shagairt Mhín na Glig sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa sagart Mhín na Glig.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo, Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig go dtáinig siad fhad le Áitheadóir an Mhuilinn.

“Áitheadóir an Mhuilinn sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Áitheadóir an Mhuilinn.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn go dtáinig siad fhad le Áitheadóir na hÁtha.

“Áitheadóir na hÁtha, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Áitheadóir na hÁtha.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo, Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha go dtáinig siad fhad le Teach Mhuiris Bháin.

“Theach Mhuiris Bháin, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Teach Mhuiris Bháin.

“Mo dhá chuais a chuala é, mo dhá shúil a chonaic é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha, Teach Mhuiris Bháin go dtáinig siad fhad le Bearradh ar fáil.

“Bhearradh ar fáil, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Bearradh ar fáil.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha, Teach Mhuiris Bháin, Bearradh ar fáil go dtáinig siad fhad le Ruairí Mór na Carraige.

“Ruairí Mór na Carraige, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Ruairí Mór na Carraige.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha, Teach Mhuiris Bháin, Bearradh ar fáil, Ruairí Mór na Carraige go dtáinig siad fhad le Ruairí Beag an Carraige.

“Ruairí Bhig na Carraige, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Ruairí Beag na Carraige.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha, Teach Mhuiris Bháin, Bearradh ar fáil, Ruairí Mór na Carraige, Ruairí Beag an Carraige go dtáinig siad fhad le Cailleach ag Cac.

“Chailleach ag Cac, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Cailleach ag Cac.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha, Teach Mhuiris Bháin, Bearradh ar fáil, Ruairí Mór na Carraige, Ruairí Beag an Carraige, Cailleach ag Cac go dtáinig siad fhad le Cailleach ag baint sop.

“Chailleach ag baint sop, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Cailleach ag baint sop.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha, teach Mhuiris Bháin, Bearradh ar fáil, Ruairí Mór na Carraige, Ruairí Beag an Carraige, Cailleach ag Cac, Cailleach ag baint sop go dtáinig siad fhad le Cailleach ag glanadh a tóna.

“Chailleach ag glanadh do thóna, sin chugat a’ bás.”

“Cé chuala ná chonaic é?” arsa Cailleach ag glanadh a tóna.

“Mo dhá shúil a chonaic é, mo dhá chluais a chuala é, mo bhoinn féin a buaileadh air,” arsa Mór agus Muilc.

Shín leo Mór agus Muilc, Eoghan Mhac an Chailc, Sagart Mhín na Glig, Áitheadóir an Mhuilinn, Áitheadóir na hÁtha, Teach Mhuiris Bháin, Bearradh ar fáil, Ruairí Mór na Carraige, Ruairí Beag an Carraige, Cailleach ag Cac, Cailleach ag baint sop, Cailleach ag glanadh a tóna.

Seán Mac Grianna a d’inis an scéal seo d’Aodh Ó Duibheannaigh i Rann na Feirste i 1936. Bronnadh Gradam Eilís Dillon ar Kim Sharkey dá leagan de Mór agus Muilc, ó John Óg Hiúdaí Neidí Ó Colla, ag Gradaim KPMG Leabhair Pháistí Éireann an tseachtain seo.

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Bhí Mór agus Muilc ag siúl cois na trá…'