Ó DHÚCHAS: ‘Bhí an galar uafásach sin an cholera go forleathan i gCorca Dhuibhne an uair chéanna…’

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Seo scéal faoi bhean a bhásaigh le calar i gCorca Dhuibhne os cionn céad bliain ó shin…

Ó DHÚCHAS: ‘Bhí an galar uafásach sin an cholera go forleathan i gCorca Dhuibhne an uair chéanna…’

Bean de mhuintir Dhonnchadha ab ea í seo, agus máthair an chailín a lean an Muircheartach anall ó Ghleann Beithe go Cinn Aird.

Tharla, tamall ina dhiaidh sin go dtáinig Siobhán ag lorg a hiníne. Fuair sí tuairisc sa deireadh go raibh sí i gCinn Aird. Bhí sí ag tarrac ar an áit sin agus dhá chapall bhána faoin gcóiste aici.

Bhí an galar uafásach sin an cholera go forleathan i gCorca Dhuibhne an uair chéanna. Bhí na bailte seo a leanas — Cinn Aird, Tobar na mBan, Fothracha, Cam an Lóndraigh, agus Áth an Charbaill — saor ón aicíd, mar bhíodar faoi thearmann Naomh Fionán go bhfuil a thobar beannaithe i mbaile fearainn Chinn Aird, agus bhíodh daoine ag bailiú isteach sna bailte sin chun go raghaidís saor uaidh. Ba é an treo go dtáinig Siobhán faoi dhéin Chinn Aird ná trí Dhún Síon aniar. Bhí an galar ar na bhfud aici sarar shroich sí an Trá Bheag. Fuair sí bás ar an taobh thiar den trá agus is ann a cuireadh í. Dá n-éireodh léi gabháil thar an abhainn a ritheann tríd an trá nuair a bhíonn an trá ann, bheadh sí saor ó ghalar.

Tá leac mhór fhada os cionn a huaighe ar imeall na trá agus cros gearrtha uirthi — ‘Leac Shiobhán na nGeimhleach”

Deineadh cúpla iarracht an leac a aistriú ach fuarthas í san áit chéanna arís maidin lá arna mhárach. Bean an-naofa ab ea Siobhán, agus thug sí an-chabhair do na bochta i rith an Drochshaoil.

Mícheál Ó Cinnéide, 70 bliain, feirmeoir

Na Dúnta, Lios Póil

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Bhí an galar uafásach sin an cholera go forleathan i gCorca Dhuibhne an uair chéanna…’'