Ó DHÚCHAS: B’fhearr liom mé a chur beo faoin talamh ná iompú

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ó Bhailiúchán na Scol. Iontas na Bealtaine atá againn inniu as Caladh Mhaínse…

Ó DHÚCHAS: B’fhearr liom mé a chur beo faoin talamh ná iompú

Nuair a bhí Naomh Pádraig ag múineadh an chreidimh tháinig sé isteach i dteach. Bhí chuile dhuine ann sásta iompú leis ach fear an tí. Dúirt seisean le Pádraig dá mbeadh sé in ann insint dhó céard é iontas lae Bealtaine go n-iompódh sé leis.
Chuaigh Pádraig thart ar fud na háite ag fáil amach cérbh é iontas lae Bealtaine. Tháinig sé go crann a bhí ann suas le céad bliain, agus d’fhiafraigh sé dhe an raibh fhios aige iontas lae Bealtaine. Dúirt an crann nach raibh fhios aige féin ach go raibh fia amuigh sa sliabh agus go mb’fhéidir go raibh fhios aige.
As go brách le Pádraig go dtí an fia, agus chuir an cheist chéanna air.

‘Inseoidh mé dhuit,’ arsa an fia, ‘céard é iontas lae Bealtaine. Tá abha ansin thiar,’ a deir sé ‘agus tá bradán inti. Bhuel, bhí an oiread sin de chroí agus misneach sa mbradán, nuair a bhí an samhradh ar fáil gur éirigh sé suas glan san aer agus nuair a tháinig sé anuas aríst nach raibh leac oighir ar an abhainn. Ní raibh fhios ag an mbradán céard a dhéanfadh sé nuair a chonaic sé sin. Shín sé siar ar a thaobh ar an leac oighir, agus níorbh fhada go dtáinig préachán i ngan fhios air, agus phioc sé súil as. Tháinig an oiread fola as an tsúil gur leáigh sí an leac oighir, agus ansin chuaigh an bradán síos san uisce aríst.’

Tháinig Naomh Pádraig ar ais ag an bhfear agus d’inis an t-iontas seo dó. Ach ba chuma, ní raibh sé sásta glacadh leis an gcreideamh.

B’fhearr leis, a dúirt sé, é a chur beo faoin dtalamh ná iompú.

Rug a chlann féin agus Naomh Pádraig air, agus chuireadar beo san uaigh é. Mar sin féin ceaptar go ndeachaigh sé go dtí na Flaithis mar gheall ar a raibh de bhrón agus de chathú ina dhiaidh ag a chlann.

Cáit Ní Fhualáin (10) a fuair an seanchas seo óna hathair mór, Micheál Ó Niaidh (80), Caladh Mhaínse, Carna, Conamara.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: B’fhearr liom mé a chur beo faoin talamh ná iompú'