Ó DHÚCHAS: Baistim thú gan ceann gan cluais gan súil gan béal 

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Conallach atá breá ábalta dul ag cocaireacht leis an sagart atá againn an tseachtain seo...

Ó DHÚCHAS: Baistim thú gan ceann gan cluais gan súil gan béal 

Bhí fear ann am amháin a dtugadh siad Micheál Ua Cordáin air. Bhí iomrá air go raibh sé an-eagnaí.
Nuair a rugadh páiste ins an am sin ba ghnách féasta a bheith ag na daoine. Théadh Micheál Ua Cordáin chuig na féastaí seo agus b’fhearr leis na daoine gan a theacht. Rinne siad casaoid don tsagart fá dtaobh de.
Lá amháin a raibh Micheál ag siúl an bhóthair fuair an sagart suas leis. D’iarr an sagart air cá háit a raibh sé ag dul. Dúirt Micheál go raibh sé ag dul amach chun na Cruaiche Bige, chuig baisteadh a bhí ansin. 

D’fhiafraigh an sagart de an dtiocfadh leis-sean baisteadh tuata [urláir] a dhéanamh agus dúirt Micheál go dtiocfadh. 

Casadh orthu ar thaobh an bhealaigh mhóir seanbhairéad a bhí déanta d’olann. D’iarr an sagart ar Mhicheál baisteadh tuata a dhéanamh ar an seanhata agus dúirt Micheál: “Baistim thú gan ceann gan cluais gan súil gan béal. Bhí d’athair ina reithe, bhí do mháthair ina caora agus sé an t-ainm a bheirim ort ‘Seancháibín Liath’.
“Ní baisteadh tuata sin,” arsa an sagart.
“Ní páiste sin,” arsa Micheál.

Séamus Mac Aodha (60), as An Tamhnaigh, Cill Charthaigh, Co Dhún na nGall a d’inis an scéal seo. 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Baistim thú gan ceann gan cluais gan súil gan béal '