Ó DHÚCHAS: Ba bhreá í an eascann le béile fataí…

Uair sa tseachtain, foilsítear píosa seanchais i gcomhar le Dúchas.ie. An tseachtain seo tá cuntas againn as Cois Fharraige faoin mbail a cuireadh ar fhear a d’ith eascann

Ó DHÚCHAS: Ba bhreá í an eascann le béile fataí…

Bhí fear ina chónaí ar Thulaigh na Sióg fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Tiobóid Mac Cábhuic. Bhí teach aige ar an Tulaigh agus teach eile ar Thamhnaigh na Bacaí i gcaoi nuair a bheadh gaoth aniar ann go mbeadh foscadh aige taobh thoir den Tulaigh agus nuair a bheadh gaoth anoir ann go mbeadh foscadh aige taobh thiar de Thamhnaigh na Bacaí.
Bhí sé pósta agus ní raibh aige ach aon mhac amháin, Páidín Thiobóid.

Ar an Tulaigh a bhí sé an oíche seo, agus é ag cur síos a bhéile fataí. Theastaigh uisce uaidh agus chuaigh sé amach ag an tobar ag iarraidh buicéad uisce. Nuair a tháinig sé isteach thug sé faoi deara go raibh eascann ins an mbuicéad. ‘Tráthúil go leor,’ arsa Tiobóid ag breith uirthi agus ag baint an chloiginn ón dá chluaisín di.

Chuir sé síos ins an bpota ansin í nuair a bhí sí glanta aige. Nuair a bhí sí bruite aige d’ith sé lena chuid fataí í. Ní túisce a bhí sí ite ag Tiobóid ná d’oibrigh sí é, agus shíl sé a bhean agus a mhac a bheith marbh aige ach d’éirigh leosan a gceann a thabhairt leo. Ar maidin lá arna mhárach tháinig siad ar ais ar an Tulaigh agus fuaireadar Tiobóid rompu agus a leath ite ag an eascann. Ní eascann cheart a bhí inti agus í a bheith i dtobar fíoruisce.

– Máirtín Ó Fátharta a fuair an seanchas seo óna uncail Máirtín Ó Fátharta (60), Clochar na gCon, Cois Fharraige, Conamara

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ba bhreá í an eascann le béile fataí…'