Ó DHÚCHAS: Aon Chaitliceach a d’iompódh ina shúpar bhí meas is urraim tuillte aige ó Shasana

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo súpar as Corca Dhuibhne atá againn...

Ó DHÚCHAS: Aon Chaitliceach a d’iompódh ina shúpar bhí meas is urraim tuillte aige ó Shasana

Bíonn an-chaint anso agus an-mhaíomh ag dream áirithe as an Aimiréal Ó Muircheartaigh.

Deiridís gurbh gaol dóibh é ach mo chás is ní cúis maímh dóibh é – ‘souper’.

Theas i Mám na Cúirte ar a nglaoitear ‘An Caisleán’ a bhí cónaí ar an Aimiréal Ó Muircheartaigh.

Do bhí an fear so sa choláiste chun a bheith ‘na shagart. Do bhí sé ana-ghairid do bheith críochnaithe nuair d’éirigh sé amach as an gColáiste agus do chuaigh sé ar bhord árthaigh go dtí Sasana. D’iompaigh sé ina ‘souper’.

Do bhí sé tamall ar bhord árthaigh chogaidh i seirbhís an tSasanaigh.

Ins an am so do bhíodh cruinniú ag na ceannairí árthaí farraige go léir ina leithéid sin de chuan. Do bhíodh ceol is rince, ithe is ól acu i rith an chruinnithe sin de ló agus d’oíche.

Do bhí an tAimiréal Ó Muircheartaigh ina mhairnéalach agus ina sheanbhaitsiléir an uair seo ar bhord ceann des na hárthaí úd.

Nuair a bhailigh na hárthaí sa chuan lá cruinnithe áirithe d’éirigh foireann gach árthaigh is do chuadar ar bhord árthaigh eile. Ach níor chorraigh an mairnéalach Ó Muircheartaigh. Nuair a bhíodar ar fad imithe agus ceol is damhsa ar siúl acu do ghlac sé seo chuige a veidhlín agus do thosnaigh ar a bheith ag seinnt dó féin. Níorbh  fhada go raibh cluas le héisteacht ag na ceoltóirí eile agus ag foirne na n-árthach go léir agus do taibhsíodh dóibh nár chualadar riamh ceol ba bhinne.

D’éirigh Captaen áirithe ina seasamh ar bhord árthaigh chun éisteacht leis an gceol.

D’fhiafraigh sé den chaptaen a bhí ar árthach an Mhuircheartaigh arbh éinne de lucht a loinge fear an cheoil draíochta.

Dúirt an captaen gurbh ea.

D’fhiafraigh sé ansan dó cad ina thaobh nár ghabh sé leo is dúirt an captaen go raibh cead a chos aige. Ansan do chuir an Captaen seo a bhí ag caint teachtaire go dtí an Muircheartach chun a rá leis teacht ina gcuideachtain.

Ach níor thug an Muircheartach aon toradh ar an teachtaire.

Ansan do chuir sé teachtaire eile chuige ach dob é an dá mhar a chéile dó é. Níor tugadh aon aird ar an teachtaire. Nuair ná raibh sé ag teacht thug an captaen an bhreith seo air – gur cheart é a cheangal agus a chaitheamh isteach i bpríosún árthaigh.

Dúirt an captaen eile ná raibh sé ceart, go raibh an Muircheartach so ina fhear léannta uasal agus gur mhór an tarcaisne a leithéid a dhéanamh leis. Dúirt sé cúpla líne a scríobh chuige agus ansan go mbeadh a fhios aige cad é an saghas fir a bhí ann.

Nuair a fuair an Muircheartach an litir do chaith sé uaidh an veidhlín agus b’iúd leis ar bord i dteannta na coda eile. Nuair a chonaiceadar chucu é bhí a fhios acu go raibh sé go huasal foghlamtha.

D’iarradar air seinnt agus do dhein.

Do taibhsíodh dóibh go léir nár chualadar riamh méireanna ar théada a sháródh an ceoltóir seo. Do chuir an dá chaptaen úd geall le chéile ansan.

Dúirt an captaen a thug an bhreith ghráinniúil air go raibh fear aige féin a bhí chomh maith leis an Muircheartach seo agus b’fhéidir ní b’fhearr ná é.

Sea do tugadh an bheirt le chéile agus tosnaíodh leis an gcomórtas.

Do chuaigh an bheirt ag seinnt, ag rince, ag scoláireacht, agus ag argóint agus do chuadar chomh hard leis na seacht dteangacha le chéile ach do bhuaigh an Muircheartach seo i ngach ábhar comórtais.

Do deineadh aimiréal don Mhuircheartach i ndiaidh aga is aimsire. Sé an dlí a bhí ann san am san ná aon Chaitliceach a d’iompódh ina Shouper go mbeadh meas is urraim tuillte aige ó Shasana agus dar ndóigh bheadh post is pá dá réir le fáil aige.

Sea ach go háirithe bhí neart ag an Aimiréal triúr a thabhairt saor sa mbliain go mbeadh cúis crochta orthu.

Do bhí an tAimiréal Ó Muircheartaigh tamall ina chónaí sa Chaisleán i bparóiste Mhárthain in aice tigh Mhichíl Uí Loinsigh i mBaile an Éanaigh. San am san do bhíodh sagart ó thuaidh ar an Muirígh [An Mhuiríoch] ina chónaí (go ceann i bhfad bhíodh sagart ansúd.)

Nuair a bhíodh sé ag teacht go Baile an Fheirtéaraigh gheibheadh sé an comhgar trí thalamh an Aimiréil Uí Mhuircheartaigh.

Nuair a chuala an tAimiréal é sin do tháinig straidhn feirge air agus theastaigh uaidh cosc a chur leis an sagart. Do chuir sé fógra go dtí an sagart. Ach níor thug an sagart aon toradh air.

Chuaigh an tAimiréal agus a sheirbhíseach ansan fé bhráid an tsagairt chun é a lámhach, i dtaobh gabháil trína chuid talún.

Do tháinig an sagart agus do ghabh sé tríothu sa chosán.

Ní fhaca an tAimiréal ar ao’chor é ach do chonaic an seirbhíseach é.

Nuair a bhí an sagart imithe do labhair an seirbhíseach leis an Aimiréal agus dúirt ‘cad tá id choimeád anso?’

Dúirt an tAimiréal go raibh sé ag faire an tsagairt.

Do labhair an seirbhíseach agus dúirt: “Tá an sagart imithe tharainn fadó. Bhí sé i ngiorracht dhá throigh duit.”

Do baineadh geit as an Muircheartach agus níor labhair sé focal go ceann i bhfad. Ansan dúirt sé, “b’fhearr ligint dóibh mar dream leo féin is ea na sagairt sin.”

Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh.

– Caitlín Ní Mhuircheartaigh, An Riasc Uachtarach, Baile an Fheirtéaraigh a thóg an seanchas seo ó Sheán ó Muircheartaigh (65)

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Aon Chaitliceach a d’iompódh ina shúpar bhí meas is urraim tuillte aige ó Shasana'