Ó DHÚCHAS: An Púca a thug leigheas dá mháthair

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear míreanna ón mBailiúchán. Scéal as Corca Dhuibhne inniu againn faoin taibhse a leigheas a mháthair..

Ó DHÚCHAS: An Púca a thug leigheas dá mháthair

Pictiúr: dúchas.ie

Sea, bhí fear thiar sa bhFearann fadó go b’ainm Seán Ó Mainín do agus bhí bean aige agus bhí mac aige. Fuair a mhac bás agus do bhí laigí móra troma ag teacht ar a bhean.

Tráthnóna do chuaigh bean ón mbaile a’ triall ar chliabh múna [móna] dtaobh thiar dos na tithe.

Nuair a bhí sí ag ardach na cléibhe aniar uirthi fhéinig tháinig fear taobh thiar di, fear as baile i bparóiste an Fhirtéaraigh a bhí caillte. Dúirt sé léi go raibh bean eile a bhí ar an mbaile a’ feiscint na ndaoine maithe a bhíodh in éineacht leo.

“Raghainn go dtí Máire Mhór,” ars é sin, “ach ní chreidfí í agus do thána chugatsa.”

“Ach a raghaidh tú abhaile anois,” ars é sin, “abair lem’ mháthair taighde thíos i gcúinne an tí agus go bhfaighidh sí cloch bhán ann agus í a chur amach as an dtigh agus cúpla déirc d’im gan salann a chur le m’anam agus ná cífidh sí aon phioc dá laigí as sin amach.”

Chuaigh an bhean san abhaile agus an cliabh múna aici agus dúirt sí leis an mbean eile, d’inis sí an scéal di go raibh a mac ag caint léi agus dúirt sí léi fé mar a dúirt sé léi, an chloch bhán a thógaint as an tslí.

Sea, ceann dos na laethanta do chuaigh an bhean bhocht go cúinne an tí agus bhí sí ag taighde agus ag taighde agus bhuail an chloch bhán léi agus bhí sí tógtha agus í caite amach aici nuair a tháinig a fear isteach ón ngort.

“Cad é seo ’gat á dhéanamh,” ars é sin.

“Dhera tá,’ ars í sin, “nuair a raghaimis gan prátaí i ndeireadh na bliana go mbeidís anseo i ngan fhios dúinn.”

“Dhera díth do chéille ort, a dhiabhail,” ars é sin, “an méid a bheadh againn, núthair do bheadh sé againn,” ars é sin, “nó nach ait an rud atá agat á dhéanamh.”

Ní bhac sí dhó. Ní nis sí an scéal aon chor do, cad mar gheall air agus ní fhaca sí aon phioc dá laige as san amach.

Chuala é sin age m’athair críonna, age mo sheanathair á rá is a mhair deich mbliana is ceithre fichid. Mhair sé anso sa tigh so in Ard na Caithne.

Seán Ó Lithe (67) as Ard na Caithne i gCorca Dhuibhne a d’eachtraigh an scéal seo do Sheosaimh Ó Dálaigh. Fuair Seán an scéal óna athair críonna Tomás Ó Cíobháin.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An Púca a thug leigheas dá mháthair'