Ó DHÚCHAS: An leigheas ar dhó croí? Duilleoga nóinín a ithe i dtús na bliana…

Is beag anó nach bhfuil luibh nó leigheas ar fáil dó ar dúchas.ie, mar a léirítear sa dara cuid de shraith trí alt

Ó DHÚCHAS: An leigheas ar dhó croí? Duilleoga nóinín a ithe i dtús na bliana…

Is féidir an chéad chuid den alt seo a léamh anseo

At: Iasc tirim a dheatú agus é a chuimilt don bhall atá ata (ataithe) trí huaire roimh dul a chodladh duit agus trí huaire tar éis éirí. Lámh duine mhairbh nár níodh fós a chur leis an at agus gheobhaidh tú faoiseamh. Blonag gé a chuimilt den at.  Brúigh an biolar agus cuir daba de leis an at.

Leonadh: Fataí a róstadh agus an brúitín a bhrú síos i stoca agus iad a chur leis an mball leonta. D’fhéadfaí an rud céanna a dhéanamh le ceirín a dhéanfá as salann, bran nó builín. Blonag gé a chuimilt den leonadh. Meacan compair a mhionghearradh agus é a chur leis an leonadh. 

An Bhruitíneach: Bainne asail a ól. Cacanna caorach a bhruith ar bhainne, é a shíothlú agus a ól. Sú neantóg a ól. Faigh stiallóg aráin gan salann ná sóid ann ó bhean nár athraigh a sloinne ar a pósadh. Nuair a bheirtear lao, an smugairle albaimin a chuireann sé dá theanga leigheasann sé an bhruitíneach. Feochadán a fhiuchadh agus an sú a ól.

Scornach thinn, sceadamán nimhneach: Nuair a bhainfeas tú díot do stocaí, cas thart ar do mhuineál iad agus beidh biseach ort ar maidin. Líon do stoca le bran te agus cas thart ar do mhuineál é. Déan glóthach de na boilgíní atá ar an bhfeamainn agus cuir leis an scornach é.  Má bhíonn slócht ort déan deoch cuiríní dubha nó sú craobh. Dóigh aoileach capaill agus cuir i stoca é agus cuir thart le do mhuineál é. Fiuch min choirce agus bláthach agus ól é.

Pian Droma: Cuir ceirín síolta lín nó bran te bruite leis an droim. Cuimil eascann don bhall atá tinn. Scáinne snáth síoda a cheangal faoin mbásta agus ní bheidh aon chasaoid ag do dhroim.

Neascóid:- Siúcra agus gallaoireach a mheascadh le céile agus a chur ar an neascóid. Cuir ceirín min rois leis an neascóid. Ceirín plúir agus airní tarraingeoidh sé an sileadh aisti.  Líon buidéal le huisce fiuchta, folmhaigh é agus cuir béal an bhuidéil leis an neascóid agus  glanfaidh an ghal an sileadh. Déan ceirín min choirce agus carráin agus tarraingeoidh sé an sileadh as an easpa. Is amhlaidh an cás leis an slánlus ach é a bhruith. Mionghearr an buachalán buí agus measc uachtar géar tríd agus cuir ar an neascóid nó an t-othras é. Bailigh bláthanna na sabhaircíní, fiuch iad agus measc iad le him gan salann agus tá an t-ungadh sin thar cionn le haghaidh othrais is neascóidí.

Sleamhnán: Nigh le tae dubh an tsúil. Cuir ceirt línéadaigh ar bogadh in ola ricne agus cuir leis an tsúil é agus tú ag dul a chodladh. Bláthanna an aitinn a bhruith agus a chur leis an sleamhnán. Cuireadh duine nach den inscne chéanna leatsa é agus a bhfuil a thuismitheoirí ina mbeatha naoi ndealg spíonáin os comhair do shúile trí lá as a chéile. Déanadh sé nó sí comhartha na croise ansin agus caitheadh sé na dealga siar thar a ghualainn dheas. 

Súile tinne:  Nigh na súile i dtae dubh. Cuir craiceann úill ar an tsúil agus tú ag dul a chodladh. Éirigh breá moch maidin samhraidh agus gabh go dtí abhainn éadomhain agus cuimil steall den uisce de na súile. Triomaigh go maith iad agus i gceann cúig nóiméad cuimil éadach te do na súile. Ní bheidh braic orthu i gceann seachtaine. Má théann aol faoin tsúil cuir cúpla braon ola olóige nó ola ricne isteach fúithi. Tabharfaidh an ola chéanna aon fheithid a ghabhfas sa gcluais aniar aisti. Tá leigheas freisin sa mbuachaill tí nó an tóirpín a fhásann ar dhíonta.

Gearradh: Nead/líon damhán alla a chur air. Céir gréasaí a chuimilt don ghearradh leis an bhfuil a stopadh. Do mhún a dhéanamh ar ghearradh an leigheas is fearr.

Plaic madra: An madra a mharú, barr na cluaise a bhaint de agus í a róstadh ar an tine agus ruainne di a ithe.

Cluas thinn: Oinniún rósta agus éadach casta thart air a chur léi.

: Róst bileoga cabáiste ar an tlú agus cuir ar an mball dóite iad. Níor chóir an dó a chlúdach ach an t-aer a scaoileadh chuige. Má thagann tochas ann cuir braon ola olóige air. Sóid aráin ar bholgam bláthaí a chuimilt de. Gealacán uibhe a chur ar an dó agus gheobhaidh tú fuarú.  Aon duine a chuimlíonn a theanga d’earc luachra beidh leigheas an dó aige ach a theanga a chuimilt don bhall dóite.

Dó gréine: Tá duilleoga an chaisearbháin go maith don dó gréine. D’éadan a níochán i gcéad sneachta an earraigh leigheas eile ar an dó gréine.

Ga: Má bhaineann beach nó feithid ga asat, cuir braon amóinia air.

Borrphéist: Lus na pingine agus sóid níocháin cuimilte de a chur leis an mborrphéist. Duilleoga seamair agus mustard a chur in éadach, ligean dó sileadh agus ansin é a chuimilt ar an mborrphéist. Bualtrach úr a chur uirthi.

Galar scamhóige: Bolgam ola mhór nó pairifín a ól.

Fuil sróine: Luigh siar ar shlat do dhroma agus cuir eochair an dorais nó cloch fhuar le cúl do mhuiníl. Teanga sionnaigh a chur léi. Nigh an muineál agus an cloigeann in uisce lagphortaigh agus cuir daba den phuiteach faoin scornach.

Galar béil: Seile an chéalacain an leigheas. Caith smugairle ar an tinteán te ar do chéalacan agus nuair a bheidh sé fiuchta cuimil don bhéal tinn é trí lá as a chéile. Leigheas eile sabhran nó fáinne óir a chuimilt don bhéal tinn trí lá as a chéile.

Coiliceam nó pian ghaoithe: Nuair a mharaítear gé, sicín, lacha nó muc in ómós Mhártan ar a lá féile, coinnigh cuid den fhuil in éadach geal agus cuir leis an bpian é. Líomóid in uisce fiuchta agus gráinne siúcra air, má thugann tú spúnóg de don pháiste gheobhaidh sé biseach.

Dó croí: Duilleoga nóinín a ithe i dtús na bliana.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An leigheas ar dhó croí? Duilleoga nóinín a ithe i dtús na bliana…'