Ó DHÚCHAS: An leigheas ab fhearr an t-eallach a chur ar athrach 

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo leigheas atá againn ar aicídí an eallaigh as an Airdmhín…

Ó DHÚCHAS: An leigheas ab fhearr an t-eallach a chur ar athrach 

Ins an tsean-aimsir nuair a bhí mise i mo stócach bhí mórán aicídeacha a’ baint le heallach nach gcluintear mórán iomrá orthu anois. ‘Sé mo thuairim féin gur díobháil cothaithe a ba chúis leis seo. Ins an am sin bhí fíorbheagán bairr dá chur ag na daoine agus an méid a bhí, ba bheag acu féin na preátaí agus an coirce le hiad a choinneáil beo.

Mar sin dó ní raibh ag an eallach ach féar an talaimh agus mar nach raibh mórán cineálacha le fáil acu ach iad ag innilt ar fhéar garbh is ar chíb an tsléibhe, ar ndóigh chuireadh an geimhreadh go mór orthu agus ní bhíodh iontu ach creatlacha nuair a thigeadh féar an tsamhraidh. Ach nuair a briseadh isteach an sliabh thosaigh na daoine a chur coirce as murlógaí agus a cheannach bia siopa don eallach, díbríodh mórán de na haicídeacha glan.

Casachtach: Le linn iad a bheith chomh bocht is a bhíodh thigeadh casachtach ar mhórán den eallach ins an earrach agus le seo a leigheas bhaineadh na seandaoine rútaí na saileoige duibhe. Bhíodh an tsaileog dhubh seo a’ fás ina toir bheaga ghairide fá na carraigeacha agus bhíodh rútaí móra fada aici. Bhruití na rútaí agus bhéarfaí an sú le hól do na hainmhithe.

Mún fola: Sin uisce fola a bheith ar an mbó.  D’áiríodh daoine i bhfad ó shin dá mbuailtí buille de bhata cuilinn ar bheathach eallaigh go dtógfadh sé an mún fola uaithi ach an ndóigh ní raibh ansin ach pisreoga. Chuala mé fá thrí leigheas ar an mhún fola.

(a) Barr na ndriseog agus barr na sméar a bhaint agus tae a dhéanamh dó agus é a thabhairt le hól don ainmhí.

(b) Bainne a bhítí a mhaistreadh agus a mbeadh gruth an ime a’ briseadh air a thabhairt le hól don ainmhí.

(c) Uisce a shailleadh le salann go mbeadh an tsaill ramhar agus buidéal de a chur i gcorp na bó. Dhéantaí seo le tart a chur uirthi ‘san chruth go n-ólfadh sí mórán uisce.
Bhí seanleigheas pisreogach eile ag na daoine fosta. ie. sé bhiorán a shá ins an talamh san áit a ndéanadh an t-ainmhí a chuid uisce.

Cos Dubh nó An Aicíd Ghasta: Bhuaileadh an aicíd seo an t-ainmhí ar maidin agus bheadh sé marbh in am eadartha b’fhéidir, agus d’iompaíodh an fheoil dubh. Bhaineadh na seandaoine fuil as an ainmhí ach ní thig liom a rá cén ball den chorp a ndéantaí an ródach air. Chuala mé nach mbíodh cos dhubh ar bith ar thalamh ar a siúladh géacha [géanna] agus nach dtógfadh ainmhí ar bith é ó rachadh sé thar dhá bhliain. Thógadh an duine é fosta.

Crupán: Cruas na háite a ba chúis leis an chrupán [galar crupánach]. D’éiríodh ainmhí chomh holc sin leis agus go dtitfeadh sé i gcrupaois agus tréan feola air. Le linn an chrupáin chognódh agus shlogfadh ainmhí earra ar bith a chasfadh uirthi – éadach, adhmad, píosaí iarainn srl. Má bhíonn ainmhí go han-olc leis an chrupán scaoiltear cuisle inti agus baintear cúpla cárt fola aisti.

Tua-chuisle a bheirtear ar an chuisle sin agus tá sí idir muineál agus guala na bó agus í ar dhéanamh tua. Bheirtí ailím [mianra] sa Mhárta do na ba le ghabháil roimh an aicíd.

Ach níor chóir é sin a thabhairt do bhó bhainne nó chuirfeadh tirim í, agus bheadh sí i gcontúirt fuacht agus bás a fháil. Ach ba é an leigheas ab fhearr san tsean-am ná an t-eallach a chur ar áthrach; sin a dtabhairt go dtí talamh innilte cúig nó sé mhíle ó bhaile nó níos mó. Ba é sin an rud ba chúis leis an bhuailteachas ins an áit seo.

Ins an tsean-am bhí an rud a dtugadh siad leath-thalamh ag achan teaghlach. ie. bhíodh áit acu ar an tsliabh agus áit cois cladaigh. Cuir i gcás bhí áit ag muintir an bhaile s’againne ar an Chruit agus bhí áit ag cuid Albanaigh an Phointe ar an bhaile s’againne. Tá áiteacha ainmnithe  as na hAlbanaigh (Protastúnaigh) seo go fóill. Bun an Albanaigh – sin pollán ag bun binne in áit ar cuireadh Albanach san am, mar nach raibh reilig ar bith Albanach ann san am.

Ach chuala mé m’athair a’ rá nach óna thairbhe sin a tugadh an t-ainm ar an áit ach toisc go mbíodh seilbh ag an Albanach ar an phollán gach samhradh. Ansin tá áit eile a dtugtar Bothógaí Alasdair air. Albanach a bhí in Alasdar a théadh ar buailteachas san áit sin. Mar an gcéanna le cró Mhicí Ghriaill.

Comhlacha Druidte: Sin scamall a d’fhásadh ar bhealach an ghamhna i mbó agus níorbh fhéidir an gamhain a thabhairt uaithi go mbrisfí an chomhla. Is cuimhneach liom nuair a bhí mé i mo ghasúr, m’athair mór mé a chur go Cró Phádraig chuig seanfhear darbh ainm Eoghan Ó Duirnín ar lorg luibhe a bhrisfeadh an chomhla.

Níl ainm na luibhe agam, ach tá fhios agam gur bhain sé lán a dhoirn di agus gur bhrúigh tríd im í agus gur iarr sé orm a rá leis an tseanduine sin a chur isteach ar bhealach an ghamhna. Bhí seanbhean darb ainm Nóra Ní Fhearadhaigh a bhíodh a dochtúireacht san am agus sí a chuir an luibh isteach ar maidin, agus roimh am dinnéir bhí sí ábalta an gamhain a thabhairt ón bhó.

Rinne mé féin mórán dochtúireachta ar eallach ó shin agus is minic a casadh a leithéid orm, ach b’fhéidir liom na comhlaí a bhriseadh dá bhfaighinn mo mhéar ins an pholl bheag a bhíos iontu.

Aodh Ó Dubhthaigh, an Airdmhín, An Clochán Liath a thug an t-eolas seo do Shéamus Mac Giolla Easbuic a bhí ag teagasc i Scoil Ghort an Choirce. Bhíodh Aodh a’ dochtúireacht ar eallach fán cheantar.

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An leigheas ab fhearr an t-eallach a chur ar athrach '

  • Buachaill Bó

    Is deas an píosa é!