Ó DHÚCHAS: An Fear Mór ag réabadh reilige i gCois Fharraige

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo i gConamara atá an diabhal ag foghlaíocht…

Ó DHÚCHAS: An Fear Mór ag réabadh reilige i gCois Fharraige

Bhí fear fadó ann agus bhí cailín i ngrá leis. Fuair an cailín an-dona agus sul má fuair sí bás dúirt sí leis an bhfear a dhul dhá faire sa reilig an chéad oíche. An lá a bhfuair sí bás chuaigh an fear go dtí fear eile ar an mbaile agus dúirt sé leis gur dhúirt an cailín leis a dhul dhá faire sa reilig an chéad oíche.
Dúirt an fear leis crúibín caorach agus buidéal uisce coisreacan a thabhairt leis go dtí an reilig. Ansin stríoca a tharraingt timpeall air fhéin ar an talamh agus an t-uisce coisreacan a dhoirteadh taobh istigh den líne.

Cuireadh an cailín agus nuair a tháinig an oíche chuaigh an fear go dtí an reilig agus rinne sé mar a dúirt an fear leis. Ansin rinne sé líne chruinn timpeall ar an talamh agus chuaigh sé féin taobh istigh den líne agus dhoirt sé an t-uisce coisreacan taobh istigh den líne chomh maith.
Amach san am marbhtha na hoíche tháinig fear an-mhór agus thosaigh sé ag cartadh na huaighe ina raibh an cailín curtha. Nuair a bhí sé in aice leis an gcónra d’oscail sé í agus thosaigh sé ag déanamh píosaí den chailín. Ansin chaith sé an cailín aníos as an uaigh ó phíosa go píosa.

De réir mar bhí an fear mór ag caitheamh aníos na bpíosaí bhí an fear a bhí i ngrá leis an gcailín ag tarraingt na bpíosaí isteach sa bhfáinne chuige féin leis an gcrúibín caorach. Nuair a bhí an fear mór ag caitheamh aníos an phíosa deiridh thug an fear eile isteach sa bhfáinne a bhí aige é leis an gcrúibín caorach.
Nuair a chonaic an fear mór seo d’éirigh sé ina thine bhruite san aer. Chuir an fear an cailín ina píosaí isteach sa gcónra arís agus chuir sé san uaigh í agus uaidh sin amach bíonn chuile uaigh dhá mbeannú.

Micheál Breathnach as an gCathair i gCois Fharraige a fuair an scéal seo ó Shiubhán Ní Neachtain ar an mbaile sin

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An Fear Mór ag réabadh reilige i gCois Fharraige'

  • Seamus O Nuallain

    Cuireadh scanradh ceart ar na daoine ag eisteacht leis.