Ó DHÚCHAS: An donas amach, an sonas isteach, anocht agus bliain ó anocht – Féile na Nollag sa Bhlascaod

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol

Ó DHÚCHAS: An donas amach, an sonas isteach, anocht agus bliain ó anocht – Féile na Nollag sa Bhlascaod

Tagann an fhéile seo i lár an gheimhridh. Críochnaíonn sí an bhliain go haoibhinn dúinn. Fadó san tseana-shaol théadh, agus téann na daoine fós, ag triall ar ghiuirléidí beaga chun an Nollaig a onórú. Siad seo a thugadh siad leo fadó – plúr, tae, siúcra, feoil, sin eile. Bhíodh a gcuid ime féin acu. Ní raibh subh ná cuiríní ná arán milis ann an uair sin. Dá gcífeá an scóip a bhíodh orthu chun an tae agus chun an aráin plúir! Sé an bia a bhíodh acu i rith na seachtaine ná prátaí, leite bhuí agus béilí folláine ón dtráigh, bairnigh , duileasc agus slaidí.

Nollaig na mBan:

Do chloisfeá i mbéal na leanbh an rann seo:

“Nollaig na bhfear an Nollaig mhór mhaith,
Nollaig na mban an Nollaig gan mhaith” [nó ‘Nollaig a mheath’].
Sé an chiall a bhí leis seo ná go mbíonn formhór na sólaistí deasa ite.

Oíche na Coda Móire
Is mór an spórt a bhíonn aige leanaí an oíche seo [Oíche Chinn Bhliana]. Gheibheann an té is óige san tigh bulóg aráin gan an oiread agus greim amháin aisti, agus buaileann ar an doras í leis an rann seo.
“An donas amach, an sonas isteach, anocht, bliain ó anocht agus anocht féin.”

Oíche na dTrí Rí:
Bíonn trí coinnle ar lasadh ar fhuinneog na cisteanaí an oíche seo. Deirtear go ndeintear fíon den uisce agus síoda den bhféar bán agus arán bán des na clocha an oíche seo.

Máire Nic Gearailt, An Blascaod Mór, Co Chiarraí

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: An donas amach, an sonas isteach, anocht agus bliain ó anocht – Féile na Nollag sa Bhlascaod'